Táimid mar an chéad Meánscoil lán-Ghaeilge i gContae Loch Garman agus táimid fós mar an t-aon scoil lán-Ghaeilge. Cuireann Meánscoil Gharman fáilte roimh dhaltaí ó gach uile chúlra agus roimh dhaltaí le suim san oideachas dara-leibhéal trí Ghaeilge. Táimid bródúil as comhphobal cuimsitheach, tacúil, idirnáisiúinta a chothú.
Is comhphobal gníomhach é Meánscoil Gharman, áit a foghlaimíonn agus fásann daltaí i dtimpeallacht sabháilte sláintiúil, áit a dhéantar nascanna buan a mhaireann i bhfad.
D’oscail Meánscoil Gharman den chéad uair i mí Mheán Fómhair 2007 chun freastal ar riachtanais oideachais dara leibhéal Lán Ghaeilge an Chontae Loch Garman. Táimid lonnaithe i dTeach Choill an Bhrúnaigh- Brownswood, díreach taobh amuigh d’Inis Córthaidh ar an mbóthar go Loch Garman. Thosaíomar le 7 daltaí (buachaillí agus cailíní) in 2007 agus anois tá 221 daltaí anseo linn. Tagann ár ndaltai ó bhunscoileanna Béarla agus gaelscoileanna timpeall an chontae. Cuireann Meánscoil Gharman fáilte roimh dhaltaí ó gach cúlra agus i gcónaí roimh dhaltaí a bhfuil suim acu a gcuid oideachais dara-leibhéal a fháil trí Ghaeilge. Tá sé mar aidhm againn anseo oideachas den chéad scoth a chur ar fáil do gach uile scoláire a roghnaíonn freastal ar Mheánscoil Gharman. Cothaítear atmaisféar comhbhách cásmhar toisc gur scoil bheag muid. Tá aithne ag gach duine idir mhúinteoirí, dhaltaí, thuismitheoirí agus fhoireann choimhdeach na scoile ar a chéile agus bímid i gcónaí ag faire amach dá chéile.
Príomhoide, Norah Harpur
Tá sé mar aidhm againn anseo oideachas den chéad scoth a chur ar fáil do gach uile scoláire a roghnaíonn freastal ar Mheánscoil Gharman. Cothaítear atmaisféar comhbhách cásmhar toisc gur scoil bheag muid. Tá aithne ag gach duine idir mhúinteoirí, dhaltaí, thuismitheoirí agus fhoireann choimhdeach na scoile ar a chéile agus bímid i gcónaí ag faire amach dá chéile.
Táimid bródúil as comhphobal cuimsitheach, tacúil, idirnáisiúinta a chothú. Tar linn agus muid ag ceiliúradh ilchineálacht, cairdeas agus cumasú inár scoil agus níos faide i gcéin!
Tuigimid gur féidir neart ceisteanna agus buairt a bheith agat, agus táimid anseo chun cabhrú leat teacht ar an eolas atá uait.
Ag ár scoil, creidimid gur féidir le gach dalta a lánacmhainneacht a shroichint agus a mbrionglóidí a chomhlíonadh. Mar chuid den chlár déantar staidéar ar bhainistiú eolais gairm bheatha, forbairt a dhéanamh ar scileanna cinnteoireachta agus scileanna tóraíochta oibre, agus tuilleadh lena chois. Tuigimid gur féidir é a bheith iomarcach saol na hoibre a leanúint, ach táimid anseo chun tacaíocht a thabhairt do dhaltaí le gach céim chun tosaigh.
Is rud an tabhachtach i Meánscoil Gharman é litríocht digiteach. I measc ár gcuid áiseanna teicneolaíochta tá seomra ríomhaireachta, áiseanna taifid, seomra teicneolaíochta agus seomra DCG. Is féidir le daltaí a gcuid scileanna teicneolaíochta agus ríomhaireachta a fhorbairt, obair ar thionscadail Dearradh Graific agus meáin nua a inniúchadh.
I Meánscoil Gharman, is ceist tábhachtach í ceist na timpeallachta agus inbhuanaithe. Tá an Coiste Glas gníomhach ag múineadh dúinn an tábhacht a bhaineann le hathchúrsáil agus aire a thabhairt do himpeallacht na scoile.
An Todhchaí. Sé an aidhm atá againn anseo i Meánscoil Gharman forbairt pearsanta agus acadúil an dalta a threisiú ionas, gur féidir lenár gcéimithe páirt iomlán a ghlacadh sa sochaí mar dhaoine aibí, freagrach agus féinmhuiníneach. Go fad téarmach tá sé mar fheidhm againn i Meánscoil Gharman cur leis na hachmhainní atá againn anseo i dTeach Choill an Bhrúnaigh ar mhaithe lenár ndaltaí. Tá an scoil lonnaithe i láthair íontach speisialta agus táimid sásta go bhfuil an deis againn cur leis na háiseanna atá againn le cabhair ón Roinn Oideachais agus úinéirí an tsuímh seo.
Tuigimid gur féidir neart ceisteanna agus buairt a bheith agat, agus táimid anseo chun cabhrú leat teacht ar an eolas atá uait.Le haghaidh úasdátú ar ár n-imeachtaí scoile, nuacht agus eolas eile, cláraigh dár nuachtlitir!