An Coiste Gaeilge

 

MEME NA SEACHTAINE

 

 

 

 

 

Gramadach na seachtaine

An bhfuil cead agam faigh mo leabhar X

An bhfuil cead agam mo leabhar a fháil 

Seachtain na Gaeilge i Meánscoil Gharman

Bhí an coiste gaeilge an-ghnóthach i mbliana le seachtain na gaeilge. Bhí sé tábhachtach dúinn an ócáid speisialta seo a cheiliúradh ní amháin sa scoil ach taobh amuigh den scoil freisin agus iarracht a dhéanamh an teanga a spreagadh sa cheantar.

Chuaigh ceoltóirí agus lucht an choiste go teach altranais i Loch Garman mar chuid den cheiliúradh. D’éagraigh siad maidin spóirt sa bhunscoil i nDroichead an Chaisleáin.

Freisin, chruthaigh lucht an choiste “Radio” don choicís, d’eagraigh siad cluichí agus ceilí leis an gcéad bhliain, lá dearfach, lá glas agus tráth na gceist. Ghlac ceoltóirí ón scoil páirt i gceolchoirm a bhí ar siúl ar an tsráid i Loch Garman freisin.

Gramadach na Seachtaine

Is Dalta mé !!!!

 

Gaeilge 24

Lá Spóirt

 

Gramadach na Seachtaine

An bhfuair- Fuair, Ní bhfuair 

Instagram le déanaí 

 

Scléip i mbliana 

Bhí togha na tallainne sna comórtais cheoil agus amhránaíochta tráthnóna inniu, Déardaoin 2 Feabhra, ag craobhchomórtas Scléip Gael Linn 2017 ! Bhí cinntí deacra le déanamh ag na moltóirí, Edel Ní Churraoin, Pádraig Ó Conghaile agus Enda Reilly, agus buaiteoirí le roghnú i ngach comórtas ach d’éirigh leis na “Cailíní Binne” ó Mhéanscoil Gharman! Bhí an bua acu sa rannóg ‘Amhránaíochta Comhaimseartha le féintionlacan’ Ba mhór an éacht é.

D’éirigh le Jade Buttle agus le Cúnamh an chraobh a shriochint freisin, ní raibh an t-ádh leo ar an lá ach rinne siad an jab!

Comhghairdeas leo go léir

SVA

D’éirigh linn €70 a bhailiú i gcomhair SVA i mbliana, D’iolamar “Candy Canes” sa halla, 50c an ceann! Go raibh maith agaibh go léir as ucht bhur gcuid tacaíochta!

 

Díospóireachtaí

Is comórtas é Díospóireachtaí Uí Chadhain a thugann deis do dhaltaí a fhreastalaíonn ar mheánscoileanna lán-Ghaeilge páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí trí mheán na Gaeilge. Bíonn siad ag argóint faoi thopaicí bainteach leis an lá atá inniu ann. Is deis é an comórtas seo do chuid scileanna cainte agus aisteoireachta a chleachtadh. D’eirigh go han-mhaith leis na foirne díospóireachta ó Mhéanscoil Gharman i mbliana. D’eirigh leis an bhfoireann shóisir- Oisín, Annemarie agus Jennifer dul ar aghaidh go dtí an dara babhta i mBaile Átha Cliath. Sár-dhíospóireacht a bhí ann lán le firicí den scoth agus ba chinneadh deacair é do na moltóirí dhá fhoireann a roghnú chun dul ar aghaidh. Faraor, níor éirigh le foireann sóisir na scoile an craobh réigiúnach a bhaint amach. Bhain foireann shinsir na scoile, Olivia, Claddagh, Sorcha ( Emma) an chéim sin amach áfach agus thaistil siad go Droichead Átha an tseachtan seo caite chun a ndícheall a dhéanamh Craobh na hÉireann a bhaint amach. Díospóireacht shuimiúil a bhí ann freisin, le breagnú agus Gaeilge líofa inti. Cé go ndearna an fhoireann shinsir sár-iarracht níor éirigh leo dul ar aghaidh go Craobh na hÉireann.

 

Geandáil Ghasta