“Buff Bank”

 

Bunaíodh banc na scoile, ‘Buff Bank’ i Mí Mhéan Fómhair. Baill na foirne ná:

 

Bainisteoir:                                          Rebecca Carter

Bainisteoir cúnta:                                 Amy Nic Craith

Díolachán agus Margaíocht:                 Niamh Nic Ghiolla Bhríde

Iniúchóir:                                             Claddagh McLoughlin

Airgeadóirí:                                          Sorcha Ní Bhroin & Clódagh Foley

 

Roghnaigh siad aclaíocht agus ithe go sláintiúil mar théama an bhainc. Chuir siad an téama seo go mór chun cinn ní hamháin sa scoil ach sa phobal áitiúil agus san Eoraip. Bhí réaltaí spóirt an chontae Catríona Parker agus Jim O’Sullivan mar aíonna ar laethanta speisialta. Thug siad deochanna sláintiúla do dhaltaí a chuir airgead isteach sa chuntas ata acu. D’eagraigh siad siúlóid ag am lóin chun scoláirí a spreagadh chun a bheith aclaí.

 

Thug siad cuairt ar bhunscoileanna áitiúla agus rinne siad dance-a-thon leis na daltaí. Bhailigh siad airgead don charthanacht áitiúil The Lochlann Doyle Fund. Chuir siad comórtas póstaeir ar bun chomh maith.

 

D’eagraigh siad feachtas mór ar scoil chun rothaíocht an bealach ar fud ó Inis Córthaidh go Búcairist taobh istigh de cheithre lá. Rinne siad é ar rothair i halla na scoile. Ghlac daltaí na scoile ar fad páirt ann agus d’eagraigh siad airgead don charthanacht The Street Children of Bucharest.

 

D’éirigh leo dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann tar éis na Craoibhe Réigiúnaí. Faraor níor éirigh leo an bua a fháil ar an lá ach bhain siad éacht amach an chéim sin den chomórtas a shroicheadh. Chuir siad tábhacht na haclaíochta agus ithe go sláintiúil go mór chun cinn. Comhghairdeas libh.

unnamed (1)