Curraclam
Tuigimid gur féidir neart ceisteanna agus buairt a bheith agat, agus táimid anseo chun cabhrú leat teacht ar an eolas atá uait.
We understand that you can have lots of questions and concerns, and we are here to help you find the information you need.
Folláine
Well-Being
Is í bunchloch na Sraithe Shóisearaí ná folláine na ndaltaí. Baineann folláine sa tSraith Shóisearach le hábhair faoi leith, corpoideachas, Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil (OSSP), Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS). Trasnaíonn an fholláine na trí bliana den tsraith shóisearach. Mar gheall ar an réimse foghlama seo, bíonn cultúr agus éiteas agus tiomantas na scoile don fholláine le feiceáil ag an dalta. Cuimsítear leis na deiseanna foghlama chun cur le folláine fhisiciúil, mheabhrach, mhothúchánach agus shóisialta an dalta. Tacaíonn sé leis an dalta scileanna tábhachtacha saoil a fhorbairt agus ómós láidir ceangailteachta a thógáil lenár scoil agus lenár bpobal.

















Ár Misean
Our Mission
Tá sí mar aidhm againn anseo oideachas den chéad scoth a chur ar fáil do gach uile scoláire a roghnaíonn freastal ar Mheánscoil Gharman. Cothaítear atmaisféar comhbhách cásmhar toisc gur scoil bheag muid.
An Chéad Bhliain
First Year
Tugtar deis dár ndaltaí staidéar a dhéanamh ar 19 ábhair sa chéad bhliain i Meánscoil Gharman.
Faigheann daltaí blaiseadh de roinnt ábhair ar feadh tamaill sula ndéantar cinneadh ar na hábhair a roghnóidh siad don Sraith Shóisearach.
Déanann daltaí Bhliain 1 na hábhair seo ar feadh na bliana ar fad.
Sa chéad téarma leanann na daltaí clár trialach ina dhéantar staidéar ar na hábhair seo a leanas:
Ceol, Grafaic,Staidéatr Gnó, Amharc-Ealaín, Fraincís, Spáinnís & Eacnamaíocht Bhaile.
Roghnaítear 2 ábhar ón líosta thuas don Sraith Shóisearach.
Chomh maith leis sin déantar staidéar ar an bhFolláine (Corpoideachas, OSSP, OSPS, Cór agus Ríomhairí) le linn 3 bliana na Sraithe Sóisearaí.


Mála Digiteach
Digital School bag
Athnaímid anseo i Meánscoil Gharman an ghá atá ann le scileanna an 21ú haois a roinnt lenár ndaltaí ionas go néireóidh leo sa todhchaí atá rompú. Rinneamar an cinneadh iPadanna a úsáid inár scoil agus tugann sé sin an deis do dhaltaí dul i mbun taighde agus iad ar thóir eolais níos doimhne nach dtugann an leabhar fisiciúil. Obraíonn daltaí le hábhair, teascanna agus acmhainní sna leabhair digiteacha atá d’ard-chaighdeán.
Sraith Sóisearach
Tá rogha fairsing d’ábhair ar fáil sa tSraith Sóisearach i Meánscoil Gharman. Is féidir leo a rogha a phiocadh as 20 ábhar. Tá na hábhair ar fáil ag Ard agus Gnáth leibhéal. Bíonn scúdú stáit ar fáil ag deireadh an triú bliain. Ábhair na Sraithe Sóisearaí. Roghnóidh do pháiste 10 nábhair don scrúdú.

Abhair Soisearcha
Junior Certificate Subjects
Rogha ábhair
A selection of subjects
Is ar na trí shnáith, Ealaíne, na Ceardaíochta agus an Dearadh atá an cúrsa Amharc ealaíne bunaithe. Bíonn atmaisfeár séimh, deas agus suaimhneach i gcónaí sa seomra ealaíne. Is áit sona é le bheith.
Bliain 1
Déanann daltaí blaiseadh de go leor meán éagsula sa chéad bliain. Athraíonn na tionscnaimh ó bhliain go bliain, ach go ginearálta, san áireamh, bíonn:
Tarraingt
Péintéireacht
Prionta Líonóile
Cré
Dealbhóireacht
Cló-aghaidh
Callagrafaíocht
Ceardaíocht leabhair
Beochan íomhá ar íomhá
Bliain 2
Déanann daltaí forbairt ar na bunscileanna atá acu agus ar a dhearcadh agus a thuiscint ar na hamhairc ealaíona. Déanann Daltaí MRB i mí Eanáir. Bíonn tionscnamh bunaithe ar théama ón NCCA, agus ar cheann de na snáithe ealaíne le déanamh ag gach dalta. Déanann siad an tionscnamh a chur i láthair.
Bliain 3
Bíonn MRB agus Tionscnamh le déanamh ag daltaí don SS i mbliain a trí. San áireamh, oibríonn daltaí ar théama nua ón NCCA agus forbraíonn daltaí smaointe agus pleananna chun 2 shaothar ealaíne a chruthú. Críochnaíonn an tionscnamh ag Um Cáisc agus leanann daltaí ar aghaidh ansin le healaín éagsúla a chruthú.
Díríonn Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí ar 5 páirt don eolaíocht:
Nádúr na hEolaíochta, an Fhisic, an Cheimic, an Bhitheolas agus an Réalteolaíocht.
Nádúr na hEolaíochta: Foghlaimíonn daltaí faoi turgnaimh, modh eolaíochta, taighde ó foinsí iontaofa, sábháilteacht sa tsaotharlann chun na snáith eile ar fad a tharraingt le chéile.
An Domhan Ceimiceach: Baineann an snáithe seo le staidéar ar ábhair agus ar na hathruithe a thagann orthu.
An Domhan Fisiceach: Baineann an snáithe seo le staidéar ar feiniméan ar domhan chun cainníochtú a dhéanamh orthu. Déantar iniúchadh maidir le gluaiseacht agus le fuinneamh éagsúil, m.sh leictreachas.
An Domhan Bitheolaíoch: Baineann an snáithe seo le staidéar ar nithe beo, éabhlóid, saol, conas a oibríonn coirp, agus cealla.
An Domhan agus spás: Caithtear súil ar an gcruinne sa chuid seo den bhfoghlaim. Bíonn nasc idir eolaíocht atá foghlamtha sa bhunscoil le h-ainmniú na bpláinéad sa ghrianchóras agus fiosrú faoi na coirp neamhaí.
Eolaíocht na Sraithe Sinsearaí
Bíonn ceithre ábhair eolaíochta á múineadh i Meánscoil Gharman don Sraith Sóisearach. Tá an Chomhairle Náisíunta Curaclaim agus Measúnachta i mbun athraithe do na siollabhais seo faoi láthair.
Bitheolas: Bíonn bitheolaíocht briste in trí Aonad
- Staidéar na Beatha: Féachaint ar gaolmhaireachtaí idir orgánaigh agus an timpeallacht san éiceolaíocht agus an tionchar a bhíonn ag an duine daonna ar sin.
- An chill: foghlaim faoi na próiseas beatha, riospráid, fótaisintéis, meitibileacht, sintéis próitéine agus géineolaíocht.
- An tOrgánach: foghlaimítear faoi plandaí agus daoine mar aonáin iomlána. Conas a bhaintear na feidhmeanna seo amach, eisfhearadh, iompar, cothú, freagairt, atáirgeadh agus fás.
Treisítear an foghlaim thuas le h-obair phraicticiúil sa tsaotharlann. Tá 22 turgnamh le tabhairt faoi thar dhá bhliain.
Is ábhair an-chabhrach í an Ghaeilge mar gheall ar an Ghaeilge tá dara teanga ag mhuintir an mheánscoile. Is buntáiste í an Ghaeilge mar gheall ar go mbeidh daltaí in ann í a úsáid sa todhchaí nuair atá siad níos sine agus ag obair.
Is iad na rudaí a mbíonn na ndaltaí ag díriú ar le linn an Sraith Sóisearach Ghaeilge T1 ná:
- Feabhas a chur ar scileanna an dteanga
- Níos mó eolas a fháil maidir le cultúr na hÉirinn
- Réimse stór fhocail a leathnú
- Bheith in ann na éagsúlachtaí idir canúintí éagsúla a haimsiú
Tá na rudaí seo dochreidte tábhachtach do na dhaltaí agus iad ag freastal ar scoil anseo i Meánscoil Gharman ag ullmhú don Sraith Sóisearach.
Ón Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid faigheann an dhalta suim sa dteanga, forbraíonn sé smaointeoireacht, agus, chabhraíonn sé le dhaltaí a deacrachtaí agus a mothúcháin a chur in iúl ar scoil, i phostanna, i breisoideachas agus i chodanna eile den saoil.
Díríonn an tSraith Shóisearach sa Mhatamaitic isteach ar cheithre snáitheanna idirnasctha:
Uimhreas,
Céimseata agus triantánacht,
Ailgéabar agus feidhmeanna,
Staitisticí agus dóchúlacht.
Tá na torthaí foghlama bunaithe ar na ceithre snáitheanna sin. Tá measúnuithe nua ann freisin a thugann deis do scoláirí a gcuid scileanna mar chruthaitheoirí tuairiscí matamaitice a thaispeáint.
Is é cuspóir mhatamaitic na Sraithe Sóisearaí anseo i Meánscoil Gharman ná go bhforbróidh gach scoláire oilteacht sa mhatamaitic. Déantar cur síos ar leith air sa siollabas mar
- tuiscint choincheapúil – thuiscint ar choincheapa, oibríochtaí agus nascanna matamaiticiúla
- gnáth-líofacht –scil chun gnásanna a dhéanamh go solúbthacht, go cruinn, agus go cuí
- inniúlacht straitéiseach–an cumas fadhbanna matamaiticiúla a chumadh, a léiriú, agus a réiteach i gcomhthéacsanna a bhfuil taithí ag an scoláire orthu agus i gcomhthéacsanna nach bhfuil taithí aige orthu
- réasúnaíocht oiriúnaitheach–an cumas chun smaoineamh go loighciúil, machnamh a dhéanamh, míniú, údar a thabhairt agus cumarsáid
- dearcadh dearfach –féachaint ar an matamaitic mar rud ciallmhar, úsáideach agus fiúntach.
Mathematics
The specification for junior cycle mathematics focuses on four strands of Mathematics:
Number;
Geometry and trigonometry;
Algebra and functions;
Statistics and probability.
The aim of Junior Cycle mathematics is that all students develop mathematical proficiency. Mathematical proficiency involves procedural fluency and is characterised in the syllabus as
- conceptual understanding—comprehension of mathematical concepts, operations and relations
- procedural fluency—skill in carrying out procedures flexibly, accurately and efficiently
- strategic competence—ability to create, represent, and solve mathematical problems in both familiar and unfamiliar contexts
- adaptive reasoning—capacity for logical thought, reflection, explanation, justification and presentation
- productive disposition—see mathematics as sensible, useful, and worthwhile.
Curaclam/Curriculum: http://curriculumonline.ie/Junior-cycle/Junior-Cycle-Subjects/Mathematics
Tá Clár Stair na hÉireann don Iarbhunoideachas deartha chun tuiscint chomhtháite a thabhairt do mhic léinn ar stair na hÉireann, stair na hEorpa agus stair an domhain ó aimsirí amach anseo go dtí an lá atá inniu ann. Is iad na príomhghnéithe den chlár seo:
1.Snáth: Is iad an triúr snáithíní seo a leanas atá san áireamh sa chlár:
- Snáth 1: Priomhthéamaí agus Dúshláin na Staire
- Snáth 2: Líne Réamhshamhlacha Staire
- Snáth 3: Staidéar Domhain
Ábhair: Cuirtear rogha leathan ábhar i láthair sa chlár a bhaineann le stair na hÉireann, stair na hEorpa agus stair an domhain. Seo samplaí den ábhar a bhaineann leis:
- Sean-chineálacha
- Meánaoiseanna
- An Renaissance
- An Reformation
- Aois na hEolaíochta
- An Tionscal Réabhlóideach
- Cogadh Domhanda I agus II
- An Cogadh Fuar
- Éirí Amach na Cásca 1916
- Éirí Amach na Cásca 1921
- An Chogadh Cathartha i Meiriceá Thuaidh
Scileanna: Tá sé mar aidhm ag an gclár scileanna agus coincheap na mic léinn a fhorbairt le smaointeoireacht stairiúil, taighde, anailís, léiriú agus cumarsáid.
Measúnú: Cuirtear réimse meastachán ar fáil sa chlár a bhfuil dearadh orthu chun eolas, tuiscint agus scileanna na mac léinn a mheas. Tá dhá MRB le déanamh.
Baineann Tíreolaíocht le tírdhreacha, pobail, áiteanna agus timpeallachtaí an Domhain. Réitíonn sí leis an modh eolaíochta agus coinníonn sí le prionsabail eolaíochta agus le loighic. Mar gheall ar an staidéar ar an tíreolaíocht, bíonn an duine in ann an domhan atá mórthimpeall air a fhiosrú agus a thuiscint. Cothaítear tuiscint dhomhain ar dhaoine agus ar áiteanna de bharr a bheith ag plé leis an ábhar. Cuirtear na scileanna cuí ar an scoláire le go mbeidh sé ábalta a thimpeallacht a léamh. Mar thoradh air sin, beidh sé in ann an tírdhreach fisiceach a léirmhíniú, féachaint ar imeachtaí aeráide go heolach agus imeachtaí an domhain a phlé go feasach.
An tSraith Shóisearach Béarla
First Year:
A studied novel and with on-going, sustained reading of novels throughout the year
A variety of drama extracts to suit appropriate learning outcomes
A variety of non-literary texts including texts in oral format
A few short stories At least 10 poems
Second and Third Year:
Two novels from the prescribed texts
A variety of non-literary texts including texts in oral format
A selection of poetry (a minimum of 16 poems over the two years)
A few short stories.
The English junior cycle syllabus is designed for students in their first three years of secondary school. The syllabus aims to develop students’ language and literacy skills through the study of a range of texts, including poetry, drama, and fiction, as well as non-fiction and media texts. The syllabus also focuses on developing students’ ability to communicate effectively through writing and oral presentations, and on fostering their critical thinking and analytical skills. Assessment is based on both classroom-based assessments and a final examination. Overall, the English junior cycle syllabus aims to equip students with the skills and knowledge they need to engage confidently with language and literature, and to become effective communicators and critical thinkers.
For more information see https://www.jct.ie/english/key_documents
Is é is aidhm leis an tsonraíocht cheoil seo ná cur le forbairt na feasachta agus na tuisceana ealaíonta, féinléiriú, féinmhuinín, samhlaíocht agus íogaireacht ilchultúrtha, agus dá bhrí sin, le forbairt an duine ina iomláine. Forbróidh an scoláire an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach chun ceol barántúil agus bunaidh, arb é a gceol féin agus ceol daoine eile. Trína dhéanamh sin, forbróidh sé an litearthacht cheoil, na scileanna criticiúla agus an teanga atá riachtanach le dul i ngleic le domhan an cheoil inniu. bhforbairt. Is féidir sheol uirlisí. Tá téaduirlisí, cnaguirlisí, gaothuirlisí adhmaid agus méarchlár
Aistear foghlama corpoideachas sa sraith sóisearach.
Is í an aidhm thar 3 bhliana ná go mbeidh tuiscint maith ag na daltaí ar a gcuid sláinteachas agus aclaíocht.Táimid ag éirí go mbeidh na ndaltaí abalta dul amach chun a gcuid spóirt a imirt go cuaramch.
Eacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sóisearaí
Forbraítear go leor scileanna saoil san Eacnamaíocht Bhaile: eolas, tuiscint, scileanna agus luachanna atá riachtanach chun maireachtáil go sláintiúil agus go sásta sa sochaí, anois agus sa todchaí.
Forbraíonn Eacnamaíocht Bhaile scileanna praiticiúla an scoláire i gcúrsaí bia agus sláinte agus cinntí eolasacha a dhéanamh a mbeidh tionchar dearfach acu ar a shláinte agus a fholláine. Forbraíonn sé scileanna cruthaíochta ar nós dearaidh agus teicstílí. Cuireann sé ar chumas an scoláire bheith meabhrach ar an gcomhshaol agus dírithe ar shaol inbhuanaithe freagrach a chaitheamh.Is ábhár í an Eacnamaíocht Bhaile ina a mbéadh tú ag foghlaim conas aire a thabhairt duit féin, do dhaoine eile, do do theach agus don timpeallacht. Mar is ábhár praiticiúil Eacnamaíocht Bhaile, déanann tú a lán gníomhaíochtaí sa scoil agus sa bhaile.
Foghlaimítear go leor scileanna cócaireachta riachtanacha, na róil agus na cineálacha teaghlaigh agus forbraítear scileanna teicstílí. Is ábhar í atá spraoiúil, cabhrach agus tábhachtach chun cabhrú leat i do shaol laethúil. Foghlaimeoidh tú scileanna saoil ar nós cócaireacht, bácáil, glanadh, cniotáil agus go leor eile!
Tá trí shnáithe san Eacnamaíocht Bhaile:
- Bia Sláinte agus Scileanna Cisteanacha
- Saol Teaghlaigh Freagrach
- Teicstílí agus Ceardaíocht
Réimse scileanna a fhorbraítar san ábhar ná:
- A bheith cruthaitheach
- A bheith liteartha
- A bheith uimheartha
- Cumaraid
- Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú
- Mé féin a bhainistiú
- Fanacht folláin
- Obair ghrúpa/obair le daoine eile (scileanna cumarsáide)
Tá Grafaic na Sraithe Sóisearaí roinneadh in a 3 snáitheanna
- Grafaic 2T / 2D Graphics
- Grafaic 3T / 3D Graphics
- Grafaic Fheidhmeach / Applied Graphcis
Cé go leagtar amach na torthaí foghlama faoi cheannteidil snáithe, níor chóir go dtuigfí as sin go bhfuil staidéar le déanamh ar na snáitheanna ina n-aonar. Barrfheabhsaítear rannpháirtíocht agus foghlaim an scoláire trí thaithí iomlán chomhtháite ar fud na dtrí shnáithe. Chun níos mó béime arís a chur ar shaintréith chomhtháite na foghlama, cuirtear torthaí foghlama gach snáithe i ngrúpaí ach tagairt a dhéanamh do cheithre ghné.
- Réasúnú spásúil / Spatial reasoning
- Smaointeoireacht dearaidh / Design thinking
- Cumarsáid / Communicating
- Prionsabail agus tógálacha geoiméadracha / Geometric principles and constructions
Measúnú / Assessment:
Comhleibhéal (Common Level)
- MRB / CBA 1: Cumarsáid trí sceitseáil
- MRB / CBA 2: Scileanna cur i láthair grafacha
- Tasc – 30%
- Scrúdú Deireanach – 70%
Buntáistí / Advantages
- Forbairt féin-fhios spásúil
- Ana cabhrach do céimseata i máta
- Scileanna do chuir i láthair, cumarsáid agus ealaíon
Tá cúrsa Spáinnise an tSraith Sóisearaí ar fáil chun tús foghlama an teanga agus an cultúr a thabhairt do dhaltaí Meánscoile Gharman. Bíonn seans ag na daltaí dul chun cinn a dhéanamh ar:
- Cumarsáid
- Scríobhnóireacht
- Léamhthuiscint
- Cluasthuiscint
- Tuiscint cultúra ar an Domhain Hispáineacha
Spriocanna an chúrsa:
- Forbairt scileanna cumarsáide bunúsacha sa Spáinnis
- Méadú ar an t-eolas foclóra agus gramadaí
- Foghlaim faoi chultúir agus traidisiúin tíortha ina labhraitear Spáinnis
- Forbairt léargas ar an éagsúlacht atá i dteanga na Spáinnise
- Forbairt feasachta ar straitéisí foghlama teanga
Cuir leis an gCúrsa:
Bíonn na topaicí seo a leanas sa chúrsa:
- Fáilte agus mothú
- Teaghlach agus cairde
- Saol na scoile
- Bia agus deochanna
- Taisteal agus turasóireacht
- Spóirt agus caitheamh aimsire
- Féilte agus céiliúradh
- Difríochtaí cultúrtha
Measúnú:
Beidh measúnú leanúnach ann agus cuirfear tascanna éisteachta, labhartha, léitheoireachta agus scríbhnóireachta i gcrích. Beidh daltaí measctha freisin in imeachtaí ranga agus measúnófar a gcumas comhoibriú le comhghleacaithe go héifeachtach. Beidh scrúdú Spáinnise i mbliain 3 ag deireadh an gcúrsa.
Ábhair:
Úsáideann Meánscoil Gharman an téacsleabhar Fiesta le educate.ie. Tá sé ar fáil trí Ghaeilge agus trí Bhéarla
Comh maith leis sin, bíonn an app Wordreference ar fáil ar na hI-padanna.
Tiocfaidh spreagadh chun acmhainní ar líne a úsáid freisin, lena n-áirítear físeáin, podchraoltaí agus láithreáin gréasáin foghlama teanga.
Críoch:
Ag deireadh an chúrsa seo, beidh bonn sa teanga Spáinnise acu agus beidh na daltaí in ann cumarsáid a dhéanamh as Spáinnis bunúsach I réimse leathan comhthéacsanna. Beidh tuiscint acu ar an éagsúlacht atá i dteanga na Spáinnise freisin agus beidh tuiscint acu ar thábhacht straitéisí foghlama.
An aidhm staidtear reiligúin chun cabhair le daltaí thuiscint nios fearr a bheith ar reiligiúin timpeall an domhain agus i ábharthacht sa saol, i gcaidrimh, sa tsochaí agus sa domhan trí chéile.
Spreagann an staidéar gnó an scoláire le léirthuiscint níos fearr a fháil don tionchar a bhíonn ag tosca eacnamaíocha agus sóisialta ar a saol. Cuirtear ar a gcumas cinntí eolasacha a dhéanamh, a gcuid acmhainní airgeadais a bhainistiú níos fearr agus a bheith solúbtha, cruthaitheach agus fiontraíoch. Cuireann an staidéar gnó feabhas freisin ar a eolas agus ar a thuiscint ar dhea‑chleachtas gnó agus ar an ngnó mar ghníomhaíocht tháirgiúil.
Is cúrsa leathan é cúrsa Staidéir Gnó na Sraithe Shóisearaí atá leagtha amach i dtrí snáithe; Snáithe 1 – Airgead Pearsanta, Snáithe 2 – Fiontraíocht agus Snáithe 3 – An Geilleagar seo Againne. Foghlaimítear faoi na gnéithe éagsúla i ngnó agus ar gnó atá le feiceáil timpeall orainn.
Tugann an Teicneolaíocht Fheidhmeach aghaidh ar na hathruithe a tháinig ar an domhan nádúrtha chun riachtanais nó mianta an duine dhaonna a shásamh. Tugtar léargas eile don scoláire leis an ábhar seo chun féachaint ar ról agus ar thionchar na teicneolaíochta sa seomra ranga, sa phobal agus i gcomhthéacs an domhain mhóir.
Deartar gach táirge de dhéantús an duine ach eolas éigin ar an domhan nádúrtha a chur chun feidhme agus úsáidtear ábhair a thagann ón domhan nádúrtha chun iad a dhéanamh, fiú nuair nach ábhair nádúrtha iad na hábhair féin. Téann teicneolaíochtaí nua i bhfeidhm ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol. Déanfaidh an scoláire anailís ar na buntáistí agus ar an tionchar lena bhfuiltear ag súil nuair atá cinntí á dhéanamh aige faoina réitigh dearaidh, gan dearmad a dhéanamh ar an úsáideoir deiridh, ar an tionchar comhshaoil agus ar fheidhmiúlacht an dearaidh.
Ach staidéar a dhéanamh ar an Teicneolaíocht Fheidhmeach, beidh deis ag an scoláire cumas agus litearthacht teicneolaíochta a fhorbairt mar go mbeifear ag dul i ngleic le réimse leathan ábhar agus córas. Forbróidh an scoláire tuiscint ar phrionsabail an fhuinnimh agus an rialaithe chun fadhbanna praiticiúla a réiteach. Beidh an tsaoirse ag an scoláire dearadh agus an smaointeoireacht córas a fhiosrú tríd an bpróiseas atriallach a bhaineann le smaointe a cheapadh, a scagadh, a thabhairt chun críche agus a mheasúnú.
Measúnú:
Comhleibhéa
- MRB / CBA 1: Ag breathnú ar an gcaoi a dtéann córais rialaithe i bhfeidhm i timpeallacht áitiúil
- MRB / CBA 2: Féin anailís agus measúnú an scoláire Tasc / Task – 70%
- Scrúdú Deireanach – 30%
Tá sé mar chuspóir ag foghlaim i OSPS cabhrú le daltaí:
- Féinmheas agus luach dearfach féin a fhorbairt.
- Eolas, tuiscint, scileanna, treoshuimeanna agus luachanna a fhorbairt a thabharfaidh tacaíocht dóibh chun saol sásta agus sláintiúil a chaitheamh.
- Mothú go bhfuil siad in ann caidrimh urraitheacha agus ghrá a chruthú, a chothú agus a chothabháil, idir iad féin agus daoine eile.
- A gcumas chun cúnamh dearfach a thabhairt do shaoirse a mhéadú.
- Déantar teagasc agus foghlaim sa chúrsa SPHE a dhearadh chun a bheith oiriúnach do aois agus céim forbartha na ndaltaí, cibé acu i gcéad bhliain, dara bliain nó tríú bliain.
Príomh Scileanna
Key Skills
Cabhraíonn eochair scileanna na Sraithe Shóisearaí chun forbairt a dhéanamh ar eolas, scileanna agus meon ionas gur féidir leo dul i ngleic le dúshláin an tsaoil inniú. Tacaíonn, cumhachtaíonn agus neartaíonn sé daltaí ina gcuid foghlama agus freagracht a thabhairt ar a gcuid foghlama féin.

Tacaíocht Breise
Extra Support
Do dhaltaí atá ag teacht ó scoileanna Béarla, tá tacaíocht breise ar fáil dóibh chun caighdeán a gcuid Gaeilge a fheabhsú. An tseachtain roimh tús na scoil-bliana bíonn Campa Gaeilge ar súil sa scoil atá saor in aisce. Moltar do dhaltaí an deis a thógáil freastal ar angcampa. Tá
sé mar aidhm againn anseo i Meánscoil Gharman an buairt atá ag daltaí ó bhunscoileanna Béarla a laghdú agus iad ag samaoineamh dul i mbun a gcuid
oideachas trí mhéan na Gaeilge.
Moltar do dhaltaí an deis a thapú chun a gcuid Gaeilge a fhorbairt is a chleachtadh le linn am sosa lena gcairde nua. Sa chaoi sin feabhsaíonn a gcuid Gaeilge agus faoin am a thagann an briseadh lár téarma tá fainise againn nach mbíonn difríocht mór idir daltaí
thagann ó na scoileanna difriúla.
(Nasc : Taifead ó iar scoláirí ag tabhairt comhairle do dhaltaí an
chéad bhliain agus iad ag tósnú amach i Meánscoil Gharman)

Idirbhliain
Transition Year
An Idirbhliain i Meánscoil Gharman!
Is bliain an spreagúil í an Idirbhliain, lán le féidrachtaí agus deiseanna chun forbartha agus foghlama. Is nasc í idir an tSraith Shóisearach agus an tSraith Shínsearach. Is í an fheidhm atá léi ná cabhair a thabhairt chun athrú ó fhoghlaim struchtúrtha go bealach neamhspléach agus foghlaim fhéinstiúrtha.

De réir taighde léirítear go bhfaigheann na daltaí a dhéanann an Idirbhliain 45 pointí sa breis san Ardteistiméireachta. Is buntáiste iontach é sin ar ndóigh! Mar sin tapaigh an deis an bhliain seo a úsáid chun ábhair nua a thriail, rudaí nua a bhlaiseadh, agus scileanna agus suimeanna éagsúla a fhoghlaim. Táimid mar an chéad Meánscoil lán-Ghaeilge i gContae Loch Garman agus táimid fós mar an t-aon scoil lán-Ghaeilge.
Ag Meánscoil Gharman, creidimid gur bhliain thábhachtach ar bhóthar na foghlama í an Idirbhliain. Sin an fáth go bhfuil sé éigeantach do ghach dalta. Déanfaidh tú staidéar ar na croí-ábhair ar nós Gaeilge, Béarla, Fraincís, Mata, Reiligiún, Ríomhairí agus Corpoideachas.
Geobhaidh tú seans blaiseadh beag a fháil ar ábhair na hardteistimearachta ag déanamh 40-nóimead d’ábhair áirithe don chéad chuid den bhliain agus ansin ag athrú go dtí bloc eile don dara chuid den bhliain.
Ach, ní hé sin é! Geobhaidh tú an deis chun páirt a ghlacadh i modúil de bhlocanna ábhair ar nós Dearadh, Cócaireacht, One Good Idea, Eolaí Óg, Beginners agus ag seinm an ucailéile. Agus sin díreach an tús de! Is féidir leat páirt a ghlacadh i Junk Kouture, i gComhlacht beag agus i YSI.Aitheantas Sóisialta.
Ní bhaineann an bhliain seo le cúrsaí acadúla amháin, áfach. Beidh seans agat scileanna sóisialta an tsaoil a fhorbairt, ar nós eagrúchán, comhfhreagras, agus tinreamh. Cóimeadfaidh tú dialann agus foghlaimóidh tú conas do chuid ama a bhainistiú go héifeachtúil.
Deiseanna
Opportunities
Fééach ar samplaí de Thionscnimh dhaltaí ó Mhéanscoil Gharman
Watch Examples of Previous Students TY Projects
Faoin Idirbhliain
About TY
Is féidir an cur i láthair a íoslodáil agus a roinnt. Dearadh é chun na féidearachtaí iontacha dár ndaltaí a roinnt i measc an chomhphobail
Sraith Sinsearach
Senior Cycle
Roghnaítear seacht nábhair don dhá bhliain sa tsraith shinsearach rogha de 20 ábhair. Tá Gaeilge, Béárla agus Mata éigeantach agus roghnaítear ceithre ábhair, ceann amháin dóibh mar nua- theanga iasachta.
Ábhair éigeantach:
- Gaeilge
- Béarla
- Matamaitic
- Reilgiún
- Gairmthreoir
Roghnach (pioc cúig): Stair, Ealaín, Ceol, Eacnamaíocht bhaile, Bitheolas , Chemic, Fisic, Eolaíocht talamhaíochta , Mata Fheidhmneach, Staidéar Gnó, Cúntasaíocht, GCAT/, DCG, Eacnamaíocht, Fraincís, Spainnís, Tíreolaíocht & Corpoideachas.

Abhair Sinsearcha
Senior Subjects
Léigh faoi roinnt ábhair thíos
Read about a selection of subjects
Tá ceithre eilimint thábhachtacha i siollabais Ghaeilge na
hArdteistiméireachta:
1. Béim ar chumarsáid
2. Feasacht teanga
3. Feasacht chultúir agus litríochta
4. Comhtháthú scileanna sa teagasc
Leaving Cert English Syllabus
Sample of Texts covered:
- Shakespearean plays: Hamlet, Othello, King Lear, Macbeth
- Selection of poems from Irish and internationally renowned poets
including Plath, Bishop, Hopkins, Donne, Yeats, Kavanagh, Kennelly etc - Comparative studies include; Rosie, Educated, Philadelphia here I come,
The Spinning Heart, Casablanca etc
The Leaving Certificate English syllabus covers a wide range of topics and
activities, but some of the key elements include:
1. Literature: The syllabus includes the study of a variety of literary genres,
including poetry, prose, and drama. Students are expected to analyse
and interpret texts, identify literary techniques, and develop an
understanding of the historical, social, and cultural contexts in which the
texts were written.
2. Composition: Students are required to develop their writing skills by
producing a variety of written pieces, including personal writing,
functional writing, and creative writing. They learn about different
writing styles, techniques, and approaches, and are encouraged to
develop their own voice and style.
3. Language: The syllabus covers the study of language in a variety of
contexts, including media studies and functional writing. Students learn
about the power of language and how to use it effectively for different
purposes, such as to persuade, inform, or entertain.
4. Aesthetics: The syllabus includes the study of aesthetics, which involves
the appreciation of literature, art, and film. Students learn how to
analyse and interpret these forms of expression and how to appreciate
their artistic value.
5. Oral language: The syllabus emphasizes the importance of oral language skills, including presentation skills, discussion, and debate. Students learn how to speak effectively and persuasively, listen and respond to
others, and develop their critical thinking skills.
6. Assessment: The syllabus outlines the structure of the exam and the
marking schemes. Students are encouraged to develop strategies for
success and to take responsibility for their own learning.
Overall, the key elements of the Leaving Certificate English syllabus are
designed to develop students' analytical and creative thinking skills, as well as their ability to communicate effectively in writing and speech.
- Fásann scileanna matamaiticiúla sa tSraith Shinsearach ó na scileanna a foghlaimíodh sa tSraith Shóisearach. Feictear an gá leis na scileanna sin – an tuiscint mhatamaiticiúl, an smaointeoireacht solúbtha agus an dea-araíonachta – chun fadbhanna a réiteach i gcomhthéacsanna matamaiticiúla agus i gcomhthéacsanna san fhíorshaol.
- Is féidir le daltaí an mhatamaitic a roghnú ó thrí leibhéal difriúla
–Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Spreagtar daltaí chuig ard a gcumais. - Roinntear an mhatamaitic sna cúig snáitheanna staidéir seo a leannas:
Snáithe 1: Staitisticí agus Dóchúlacht
o Snáithe 2: Céimseata agus Triantánacht
o Snáithe 3: Uimhreas
o Snáithe 4: Ailgéabar
o Snáithe 5: Feidhmeanna - Gheofar eolas breise ar Tionscadal Mata ag www.ncca.ie/projectmaths
Seo iad na hábhair roghnacha don Ardteist.
The following subjects are optional at the moment for Leaving Cert students.
Spáinnis na hArdteiste
Téacsleabhar:
Espanol en Acción le Folens
Curaclam:
Is cúrsa teanga dian agus dúshlánach é Spáinnis na hArdteistiméarachta, atá deartha chun scileanna teanga agus eolas cultúrtha a sholáthar do dhaltaí. Ag baint úsáide as an leabhar Espanol en Acción le Folens, forbairfidh daltaí a gcumas éisteachta, cainte, léitheoireachta, agus scríbhneoireachta, agus beidh béim ar struchtúir ghramadaí dúshlánach agus foclóir shlachtmhar. Tá an cúrsa seo dírithe ar réiteach na scrúduithe agus ar thuigbheáil agus measúnú do chultúr agus teanga na Spáinnise.
Torthaí Foghlama:
Beidh daltaí in ann:
- Cumarsáid éifeachtach a dhéanamh trí Spáinnise, ar théamaí éagsúla, idir théamaí abstrachta agus deacra
- Tuiscint a fháil ar an Spáinnis labhartha agus scríofa í réimsí éagsúla, idir acadúla, liteartha, agus ghairmiúla
- Struchtúir ghramadaícosúil leis an mód fothuiteach agus struchtúir abairtí, a úsáid go cruinn agus go líofa
- Focail agus seanfhocail a úsáid go cuíagus go héifeachtach ina gcumarsáid
- Scileanna smaointeoireachta agus feasachta cultúrtha a thaispeáint trí measúnú ar ábhar Spáinnise fhíorúil, cosúil le haistí, físeáin, agus taifeadtaí fuaime
- Scileanna taighde agus léiriú a fhorbairt chun eolas a fháil ar phobail na Spáinne
- Cur chuige neamhspleách le foghlaim na Spáinnise a fhorbairt agus freagracht a ghlacadh as a ngníomhaíochtaí féin chun dul chun cinn agus fhorbairt a dhéanamh
Measúnú:
Beidh measúnú ar Spáinnis na hArdteiste bunuithe ar na treoirlínte a sholáthraítear ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Bíonn an scrúdú roinnte ina cheithre chuid: Cluasthuiscint, Tuiscint Léitheoireachta, Scrúdú Scríofa agus Scrúdú Béil. Meastar daltaí i rith na bliana ar a gcumas tríd torthaí scrúduithe agus tascanna. Chomh maith leis sin, beidh deis ag daltaí an scrúdú béil a chleachtadh I rith na bliana tríd agallaimh agus cur I
láthair a dhéanamh
Politics and society aims to develop pupils’ capacity to engage in reflective and active citizenship, informed by insights and skills of socail and political sciences.
Therein pupils will learn about:
- Local, national and international systems within which we live and work
- Concepts which underpin systems of Government in Ireland, Northern Ireland and Europe
- Human right and responsibilities
- Sustainable development
- How to affect change
- How to think critically and independently
- The importance of democracy, valuing diversity in all areas.
- Data and how to interpret and analyse it.
The course is examined by
Exam 80% Project 20%
Section 1:
Short questions
Attempt 10 of 15 based on learning over the 2
year cycle
April 5 th Year:
Pupils are given 4 titles and have to chose one for
research.
Section 2:
A Data Based Question
Pupils are asked to multiple pieces of data and
analyse them.
September 6 th Year:
Pupils use the research to affect change in their
area of research.
Section 3:
Essays
Write 2 essays based on variety of topics
mentions about
Easter 6 th Year:
Pupils submit Project (2000 words) on their work.
Stair na hArdteiste
Topaicí
Stair na hÉireann
· Ar thóir na Flaitheas agus Críochdheighilt Idirnáisiúnta
· Tuaisceart na hÉireann
Stair na hEorpa
· Deachtóireacht agus Daonlathas
· Náisiúnstáit agus Teannas idirnáisiúnta
Cuimsíonn sraith leathan imeachtaí agus téamaí stairiúla, lena n-áirítear stair na hÉireann, na hEorpa agus an domhan níos leithne ó dheireadh an 19ú haois go dtí lá atá inniu ann. Meastar go mbeidh tuiscint dhearfach ag mic léinn ar chomhthéacsanna stairiúla, ar nós idirbheartaíocht, cothrom na féinne agus athrú, tábhacht agus dearcadh, agus conas iad a fheidhmiú i dtéarmaí imeachtaí agus fhoinsí stairiúla. Cuirtear béim láidir ar fhorbairt smaointe criticiúla agus anailíseacha, chomh maith leis an gcumas tuairimí agus dearcadh stairiúla éagsúla a mheas agus a mheasúnú. Chomh maith le staidéar a dhéanamh ar imeachtaí agus pearsana stairiúla, tá sé riachtanach do mhic léinn foinse bunaidh agus foinse dhara leibhéil, lena n-áirítear téacsanna scríofa, ábhair físeacha agus airteagal, chun tuiscint bhreise ar an am atá thart a fháil. Cuireann an clár staidéar ar chumas mic léinn taighde stairiúil a dhéanamh agus modhanna agus teicnící stairiúla, ar nós anailís sonraí, a úsáid chun tuiscint chomhtháite ar an am atá caite a fhorbairt.
Tugann an cúrsa cuntsaíochta tuiscint do dhaltaí maidir le cuntasaíocht bainistíochta agus airgeadais. Ag deireadh an chúrsa, bíonn siad in ann na cuntais phearsanta agus cuntais bunúsacha maidir le cuideachta a dhéanamh. Tuigeann daltaí na rudaí a tharlaíonn isteach i ngnó agus conas iad a eagrú agus smaoineamh go loighciúil. Forbraíonn a gcuid scileanna uimhreacha agus pleanáil isteach san ábhar seo. Bíonn eolas ar scoláirí ar cén chaoi is féidir a n-airgead féin agus airgead cuideachta a bhainistiú.
.
Tá trí ábhar staidéir gnó san Ardteist – “gnó”, “cuntasaíocht” agus “eacnamaíoch”. Baineann Gnó leis an tuiscint ar an timpeallacht ina bhfuil gnó ag feidhmiú in Éirinn agus ar fud an domhain mhóir.
Siollabas
Tá 7 n-aonad ar an gcúrsa:
Aonad 1: Daoine i mbun gnó
Aonad 2: An fiontraí
Aonad 3: Bainistíocht
Aonad 4: Bainistíocht Acmhainní Daonna, Airgeadais
Aonad 5: Margaíocht
Aonad 6: Catagóir Ghnó
Aonad 7: Gnó Domhanda
Spriocanna:
Chun cuir le hoideachas oiriúnach.
Chun seans a thabairt chuig na daltaí chun forbairt a dhéanamh ar scil pearsanta agus sóisialta trí staidéar ar an ngnó.
Chun spreagadh tionscnaíocht agus féintuilleamaí.
Tuiscint shoiléir a fhorbairt ar ról na fiontraíochta.
Chun an fhorbairt a spreagadh, scileanna foghlama fiontraíochta a fhoghlaim, agus chun dearcadh dearfach eiticiúil a chruthú sna scoláirí, dearcadh i leith na fiontraíochta sa saol pearsanta, gnó agus poiblí.
Chun daltaí a ullmhú le bheith páirte de timpeallacht gnó agus a saol oibre.
https://www.graphics-ed.com/subjects
Is éard atá i gceist le Grafaic Dheartha agus Chumarsáide (DCG) san Ardteistiméireacht i Meánscoil Gharman ná chun tuiscint a fháil ar fhaisnéis a chuirtear i láthair go grafach, chun an fhaisnéis sin a anailísiú agus í a chur in iúl. Forbraítear scileanna fadhbréitigh agus smaointeoireacht chriticiúil trí anailís a dhéanamh ar fhadhbanna agus iad a réiteach i ngrafaic dhá thoise nó trí thoise (2T & 3T). Cuirtear grafaic agus dearadh in iúl i meáin éagsúla, lena n-áirítear dearadh ríomhchuidithe (CAD / Solidworks). Seo a leanas na príomhréimsí staidéir:
Geoiméadracht Phlánach agus Geoiméadracht Thuairisciúil
Cur in Iúl Ghrafaic Dheartha
Ríomhaire – CAD / Solidworks
Grafaic Fheidhmeach
Measúnú / Assessment:
Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal
Tasc / Assignment (Dearadh / Design & CAD / Solidworks) – 40%
Scrúdú Deireanach / Final Exam – 60%
Buntáistí / Advantages
Forbairt féin-fhios spásúil / Development of spatial awareness
Ana cabhrach do céimseata i máta / Very helpful for geometry in Maths
Scileanna do chuir i láthair, cumarsáid agus ealaíon / Skills for presentation, communication and art
Gairmeacha / Carreers:
Dearadh / Design
Ailtireacht / Architecture
Innealtóireacht / Engineering
Teicneolaíocht Faisnéise / Information Technology
Forbairt Cluichí Ríomhairí / Computer Game Development
Íomháú Digiteach nó Leighis / Digital or Medical Imaging
Poist ina bhfuil tuiscint 3T an mhaith á lorg / Careers that require deep 3 dimensional awareness.
Cuireann an siollabas Eacnamaíocht Bhaile an t-eolas, tuiscint, scileanna agus meoin atá riachtanach ag scoláirí chun a saoil féin a bhainistiú, d’oideachais níos mó agus oideachais tríú leibhéal, agus ullmhaíonn sé iad don saol oibre. Forbraíonn na deiseanna foghlama san Eacnamaíocht Bhaile solúbthacht agus inoiriúnaitheacht I measc na scoláirí, chun iad a ullmhú do shaol tomhaltóir bunaithe agus cuireann sé bunús foghlama ar fáil do réimse gaimeacha I gcúrsaí bia, teicstílí, eolaíocht, dearadh, staidéar sóisialta agus turasóireachta.
Cén fáth gur cheart staidéar a dhéanamh ar an Eacnamaíocht Bhaile?
- Chun a bheith in ann taighde, staidéar, anailís agus ciall a bhaint as eolas.
- Chun scileanna cothaitheacha agus cócaireachta a fhoghlaim
- Chun a bheith in ann cumarsáid go maith agus go muiníneach
- Chun a bheith eagraithe
Na Topaicí/Leagan amach an chúrsa:
- Staidéar an Bhia (45%)
- Bainistiú ar Acmhainní agus Staidéar Tomhaltais (25%)
- An tSochaí & Staidéar Sóisialta (10%)
- Tascleabhar – atá bainteach le 4 thascanna baintear le topaicí Staidéar an Bhia. Is ionann an Tascleabhar agus 20% den ghrád don Ardteist. Bíonn sé déanta i mBliain 5.
- An Scrúdú Scríofa = 80% den ghrád. (The written exam = 80% of the overall Home Economics grade).
Cúrsa leathan atá i gceist, a chlúdaíonn go leor scileanna saoil. Baineann daltaí taitneamh as an ábhar, ach caithfear go mbéadh siad sásta go leor staidéir a dhéanamh.
Tá dhá leibhéil ann – Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal. Is féidir leis na scoláirí cinneadh a dhéanamhmaidir leis an leibhéal atá siad ag iarraidh a roghnú don scrúdú scríofa, ach bíonn leibhéal commónta bainteach leis an Tascleabhar.
Is iomaí tras-naisc atá ann idir Eacnamaíocht Bhaile agus ábhair eile – ar nós Staidéar Gnó, Bitheolaíocht, Eolaíocht Talmhaíochta agus fiú Reiligiún.
San idirbhliain, déantar modúil ealaíne ar feadh leath na bliana. Seo cuid de na tionscnamh atá déanta thar na blianta, ach athraíonn na tionscnamh ó bhliain go bliain.
- Junk kouture
- Teidí déanta ó stocaí
- Dealbhóireacht le cré
- Lampaí ó chré
Freisin, glacann an Idirbhliain páirt I tionscamh éagsúla, Creative Engagement. Mar shampla:
- Gloine dhaite le Pauline Quigley, stained glass artist
- Saothar ealaíne déanta as cré le Mairead Stafford, artist
- Bodhrán making with Michael Vignoles
- Péintéireacht with Ciara Roche, artist
- Cathaoir & bord cruthaithe le Bevel Furniture and Woodworking School.
BL 5 & 6
Tá cúrsa nua tosaithe san Ábhar ó Mheánfhómhair 2022.
Thar an dhá bhliain, déanann daltaí a scileanna ealaíne a fhorbairt sna foirmeacha ealaíne seo:
Tarraingt
Meáin éagsúla
Cré – dealbhóireacht agus potaireacht
Baitíc
Prionta Líonóile
Callagrafaíocht
Agus tá muidne agus an cúrsa oscailte go méain ar bith a úsáid chun saothar ealaíne.
Óthaobh Stair de, leanfaimíd teoracha ón roinn, I ranganna gníomhach.
Bíonn turas I mbliain 5 & I mbl 6. Is iad Sí an bhrú, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Gailearaí Chathair BAC, IMMA, agus Ard Mhusaem na héireann na háiteanna atá muid tar éis cuairt a thabhairt orthú go dtí seo.
https://youtu.be/SRU6c-I24Os
In Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta déantar staidéar ar an mbuneolaíocht agus ar an mbunteicneolaíocht i bprionsabail agus i gcleachtais na talmhaíochta. Féachann sé leis an eolas, na scileanna agus na dearcthaí is gá chun inbhuanaitheacht acmhainní talmhaíochta a chur chun cinn a chothú san fhoghlaimeoir, agus cuirtear béim ar an tslí leis na hacmhainní sin a bhainistiú. Déantar staidéar ar chineálacha plandaí agus ainmhithe a bhaineann leis an talmhaíocht, agus imscrúdaítear gnéithe den talmhaíocht mar an ithir, an éiceolaíocht, fiseolaíocht plandaí agus ainmhithe, barra feirme, cleachtais feirmeoireachta, an ghéineolaíocht agus an mhicribhitheolaíochta.
Tugann an Staidéar Iniúchta Aonair deis don scoláire tuiscint níos doimhne a fhorbairt ar an eolaíocht ar a bhfuil cleachtas talmhaíochta bunaithe agus é sin a dhéanamh ar bhealach comhtháite, fad is a bhíonn sé ag forbairt agus ag sainiú scileanna praiticiúla eolaíochta. Tá an fhorbairt agus an t-idiroibriú ar scileanna taighde, tástála, cumarsáide agus eolas a chur i bhfeidhm i leith saincheisteanna talmhaíochta comhaimseartha i gcroílár na hEolaíochta Talmhaíochta. Tá an Staidéar Iniúchta Aonair ceaptha chun deis a thabhairt don scoláire na scileanna a fhorbairt tuilleadh. Is cuid lárnach den fhoghlaim é dá bhrí sin in Eolaíocht Talmhaíochta agus tá baint dhíreach aige le haidhmeanna agus le torthaí foghlama an ábhair.
I Meánscoil Gharman cuirtear GCAT ar súil chun saol na hoibre a thacú. Tá Fiontraíocht agus gach rud a bhaineann leis mar chuid mhór den chúrsa chomh maith. Mar chuid den ábhar seo déantar staidéar ar thionscail difriúla. Baineann na daltaí torthaí foghlama Sonracha (SLO’s) a bhaint amach tríd na tionscnamh seo a dhéanamh.
- CV a chruthú
- Imscrúdú Gairme
- Plean Gníomhaíochta
- Tuairisc Acoimre
Agus 2 as an gceithre tionscnamh seo:
- Dialann Taithí Oibre
- Agallamh
- Tuairisc Fiontraíochta
- M’áit féin – Tuairisc.
Eagraíonn daltaí cuairt amach chuig fiontair gnó áitúla agus tugann siad cuiread do chuairteoir teacht isteach. Bíonn foghlaim gníomhach I gceist sa rang agus daltaí ag glacadh páirte I mionchomhlachtaí is a leithéad de sin a rith.
Is gá do dhalta tabhairt faoi 5 ábhair ardteiste chun GCAT a dhéanamh.
Tabhair faoi deara go bhfuil córas na pointí difriúil do GCAT ná aon ábhair eile don Ardteist.
Gradam (80 – 100%) = 66 phointe
Tuillteanas (65 – 79%) = 46 phointe
Pas (50-64%) = bpointe
Príomh Scileanna
Key Skills
Dainginítear na heochair scileanna lastigh denchuraclam na Sraithe Shínsearaí sa chaoi sin thagann daltaí orthú i mbealach comhtháite, ionas go dtuigeann foghlaimeoirí I Meánscoil Gharman an tábhachtach a bhaineann leo.

Tuilleadh Eolais
Further Information
Nascanna
National Council for Special Education
NCSE
The National Council for Special Education (NCSE) was set up to improve the delivery of education services to persons with special educational needs arising from disabilities with particular emphasis on children.