Ghlacamar páirt i nDíospóireachtaí an Phiarsaigh arís i mbliana.
Bhí an chéad bhabhta ar siúl san Inbhear-mór an tseachtain seo caite agus d’éirigh thar cionn leis an bhfoireann shinsearach agus leis an bhfoireann shóiseach ó Mhéanscoil Gharman.
Beidh an dá fhoireann ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabta eile. Maith sibh agus go n-éirí an t-adh libh sa chomórtas.
____________________________________________________________________________________________
Chuaigh ár bhfoirne díospóireachta go dtí Coláiste Raithín ar an gCéadaoin agus ghlac siad páirt sa dara babhta ‘Díospóireachtaí an Phiarsaigh’. Rinne siad an iarracht ar an oíche agus leis na hullmhúcháin ar fad. Is mór an trua é ach, níor éirigh leo ar an oíche. Tá súil againn go nglacfaidh siad páirt arís an bhliain seo chugainn.
____________________________________________________________________________________________________________
D’fhreatail an fhoireann shinsireach agus an fhoireann shóisearach ar na díospóireachtaí a bhí ar siúl i nGaelcholáiste Cheatharlach, ar an gCéadaoin. D’éirigh leis an dá fhoireann agus beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí an chéad babhta eile. Comhghairdeas libh.