Éiteas | Curaclam

Sainmheon Mheánscoil Gharman abhunscoil lán-Ghaeilge is ea Meánscoil Gharman. Múintear gach ábhar (seachas teangacha eile) trí mheán na Gaeilge. Tá Meánscoil Gharman leathan ina churaclam agus ina ghlacadh daltaí. Is lárionad feabhais é, i bhforbairt iomlánaíoch agus i dteagasc gach dalta ar leith. Is duine speisialta gach aon duine acu. Meánscoil lán-ghaelach, idir-chreidmheach is ea Meánscoil Gharman.

Tá ethos na scoile bunaithe ar luachanna a spreagfaidh agus a láidreoidh an ghaeilge i measc comhluadar na scoile. Tá an ethos Críostúil, cáirdiúl, aireach, tacúil, measúil, spreagúil, fáiltiúl, cuidiúl agus tuisceanach. Iarrann sé ar phobal na scoile a bheith rannpháirteach i saol cultúrtha, sóisialta agus acadúil na scoile trí mheán na gaeilge. Ar leibhéal pearsanta, táim diongbháilte mar phríomhoide ar Mheánscoil Gharman, na h-áiseanna agus na múinteoirí is fearr a sholáthar a chuireann le atmaisféar éifeachtach múineadh-foghlamtha a chruthú le haghaidh sochaí nua-aimseartha. Is iad na daltaí agus a gcuid éilimh, na daoine is lárnach sa Ghaelcholáiste.

Eagraítear lá scoile Mheánscoil Gharman go h-an éifeachtach i dtreo is go mbíonn daltaí gníomhach go dtí 3.50 gach lá (Aoine 2.15) . I Meánscoil Gharman, déanaimid cinnte de go mbaineann do pháiste an tairbhe is mó as an oideachas a fhaigheann sé/sí ag an gColáiste seo.

Príomhoide, Norah Harpur

[pb_builder]