Feachtas – Tráth na gCeist

unnamedBhí  craobh réigiúnach thráth na gceist Feachtas ar siúl ar an Luan 26ú Éanair i nGaelcholaiste Phort Láirige. D’fheastal foireann na scoile ar an gcraobh. D’éirigh go hiontach leo ann, níor chaill siad ach cúig cheist agus bhuaigh siad an comórtas. As seo amach beidh an fhoireann ag freastal ar Chraobh na hÉireann ar an 10ú Márta san Óstán Aisling i mBaile Átha Cliath.

 

Is iad Áine Ní hIfearnáin, Bill Breathnach, Cian Ó Concubhair agus Séamus Ó hIfearnain baill na foirne. Tá siúl againn go n-éireoidh go hiontach leo i mBaile Átha Cliath.

 

Seo samplaí de na ceisteanna a d’fhreagair siad. An bhfuil na freagraí ar eolas agat?

 

  1. Cad is ainm don abhainn is faide ar Mhór Roinn na hEorpa?
  2. Phós Brad Pitt agus Angelina Jolie i 2014 ach cén tír ina phós siad?
  3. Cad is ainm do Choimisinéir Talmhaíochta na hEorpa?
  4. Ainmnigh an dá fhoireann a d’imir craobh na hEireann i bPeil na mBan i 2014.

5.Cad is ainm don chomortas mór a bhuaigh Maria Walsh i 2014?

 [pb_builder]