Féinmheastóireacht Scoile

 

https://www.youtube.com/watch?v=UKVw0E1SK98

 

Féinmheastóireacht Scoile

 

Tá foireann na scoile ag tabhairt faoi thionscadail agus faoi straitéisí ar leith chun teagasc agus foghlaim a chur chun cinn sa scoil.

 

Litearthacht na Gaeilge

Tá plean Litearthacht na Gaeilge i bhfeidhm ón scoilbhliain 2013/2014.

Is iad na réimsí atá foireann na scoile ag obair ar le scolaírí na chéad bhliana agus scolaírí an dara bliain ná:

 

  1. Gramadach na Gaeilge:

Briathra: 10% ag dul do na briathra i ngach ábhar i scrúdú an tsamhraidh.

 

  1. Téarmaíocht:

Leabhar téarmaíochta

 

iii. Deacrachtaí ag daltaí sa chéad bhliain leis an nGaeilge:

Campa Samhraidh agus Ranganna sa bhreis a chur ar fáil do scoláirí na chéad bhliana suas go dtí an briseadh meán téarma.

 

  1. Gaeilge a spreagadh:

An Coiste Gaeilge

 

 

Uimhearthacht 

Rinneadh taighde ar scileanna uimhearthachta agus ar mheon na ndaltaí i leith na huimhearthachta sa scoilbhliain 2014/2015 agus at tús 2015/2016.

 

Réimsí atá le feabhas

  1. Na deacrachtaí atá acu le scrúduithe a thuiscint a laghdú:

Leabhrán a chur le chéile do scoláirí agus do thuismitheoirí a mhíneodh teanga agus téarmaíocht na matamaitice go simplí. Cuirfear rannóg ann a dhíreoidh ar theanga na scrúduithe chomh maith.

 

  1. Na deacrachtaí atá acu le céatadáin agus codáin:

Céatadán a gcuid scrúduithe a ríomh

 

iii. Scileanna uimhearthachta a fheabhsú:

Níl cead ag scolaíri na chéad bhliana aireamhán a úsáid

 

  1. Scileanna réiteach fadhbanna a fheabhsú

Ceangailte leis an tioscadal ar Fhoghlaim Neamhspleách

 

 

Forbairt: Foghlaim Neamhspleách

Tá an tionscadal seo ag díriú ar scoláirí an dara bliain i mbliana. Tá foireann Forbairt tar éis taighde a dhéanamh ar cé chomh neamhspleách is atá daltaí agus iad ag foghlaim. Teastaíonn ón bhfoireann straitéisí a mhúineadh do na daltaí chun cabhrú leo a bheith freagrach as a bhfoghlaim féin agus chun cabhrú leo fadhbanna a réiteach.

 

Cuirfidh an fhoireann ar fad na straitéisí is fearr dar leo agus leis an taighde i bhfeidhm ina gcuid múinteoireachta sa chéad scoilbhliain eile.

 

 

 

 

Teaching and Learning for the 21st Century: Nós léitheoireachta a bhunú chun úrscéalta agus gearrscéalta Gaeilge a léamh i measc dhaltaí na chéad bhliana

 

Tá foireann TL21 na scoile tar éis taighde a dhéanamh ar léamh na Gaeilge mar chaitheamh aimsire i measc dhaltaí an dara bliain. Is é an sprioc atá ag an bhfoireann  seo ná go dtiocfaidh méadú ar líon na scolaírí sa chéad bhliain a léann úrscéalta Gaeilge mar chaitheamh aimsire.

 

Tá scolaírí na chéad bhliana ag léamh úrscéalta agus gearrscéalta Gaeilge sa rang Gaeilge faoi láthair. Tá feabhas ag teacht ar sholáthar leabhar Gaeilge atá oiriúnach do na scolaírí i lebharlann na scoile chomh maith.