Rathúlacht na foirne cispheile

Tar éis dóibh an lámh in uachtar a fháil i ngach uile chluiche a bhí acu anuraidh, shroich foireann cispheile na mbuachaillí faoi 19 cluiche ceannais an Oirdheiscirt. Thug siad an leo an Aoine seo caite agus iad ag imirt in aghaidh Phobailscoil Abbey i bPort Láirge. Comhghairdeas leo uile, daltaí agus traenálaí Linda araon.

Rath ar Conor O’Coirbín

 

Ghlac Conor páirt sa chomórtas Scoileanna Sinsearacha Laighean thar ceann na scoile san Ionad Náisiúnta Uisce inné agus d’éirigh leis dhá bhonn airgid a bhuachan agus trí sháriarracht phearsanta a bhaint amach chomh maith. Treise leis!!

Nuachtlitir na Nollag

Tá deireadh na bliana buailte linn agus téarma fiúntach curtha dínn go léir. Gan amhras tá muintir na scoile uile ag tnúth go mór leis an sos.

Bhí go leor idir lámha ag daltaí Mheánscoil Gharman ó thús na scoilbhliana idir spórt, cheol, dhíospóireachtaí, ghradaim éagsúla, thráth na gceist, chomórtais agus turais. 

Más mian leat nuacht scoile an chéad téarma a fheiceáil tá Nuachtlitir na Nollag  le fáil anseo.

Tá súil agam go mbaineann sibh taitneamh as.

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise daoibh go léir.

Bua sa chluiche ceathrú ceannais

Comhghairdeas le foireann sinsir peile na scoile.

Thug siad an lá leo le linn na seachtaine agus iad ag imirt i gcoinne Gairmscoil Inis Córthaidhsa chluiche ceathrú ceannais.