Tráth na gCeist

D’eirigh go hiontach lenár trí fhoireann sa chraobh réigiúnach “Tráth na gCeist” le déanaí. Chríochnaigh Meánscoil Gharman sa chéad, dara agus sa triú háit!! Rachaidh dhá fhoireann ar aghaidh go dtí craobh na hEireann i mí an Mhárta. Is iar-bhuaiteoirí an chomórtais muid agus an t-aon scoil riamh le dhá fhoireann sa chraobh.