Bhuaigh Conn Caomhánach agus Con Ó Meachair an Tionscadal is fearr ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann ag an bhféile réigiúnach Scifest san Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge an tseachtain seo. Tugann sé seo deis do na buachaillí páirt a ghlacadh sa bhabhta ceannais san ionad chomhdhála i gColáiste Mharino an Samhain seo chugainn lena dtuismitheoirí. Rognófar foireann amháin chun dul ar aghaidh go dtí an comórtas ISEF i Phoenix, Arizona. Beidh Conn agus Con ag filleadh ar an taighde idir an dá linn chun barr feabhais a chur ar an tionscadal. Tá múinteoir Elaine an-bhodúil go deo astu as ucht an méid atá bainte amach acu.
Tá moladh tuillte ag Robbie Mac Giolla Dé agus Conor Dé Rúit as ucht “Duais Fiúntais”a bhuachan ar an lá céanna. Tugadh cuireadh do na buachillí páirt a ghlacadh i ndíospóireacht le polaiteoirí an cheantair i mí Mhéan Fómhair.
Is iontach an éacht atá bainte amach ag na buachaillí san eolaíocht agus is onóir í do scoil bheag lán-Ghaeilge .