Scaoileadh Ceol 18 an tseachtain seo caite agus bhí an-áthas orainn go léir ár gcóipeanna a fháil sa post. Is mór an onór í go bhfuil beirt ón scoil seo le chloisteáil ar an dlúthdhiosca rathúil seo. Rinne na cailíní agallamh le Radió na Gaeltachta agus le South East Radio. Is ionadaithe scoile den chéad scoth iad. Comhghairdeas arís le Jade agus Nóra.
