Bhí an coiste gaeilge an-ghnóthach i mbliana le seachtain na gaeilge. Bhí sé tábhachtach dúinn an ócáid speisialta seo a cheiliúradh ní amháin sa scoil ach taobh amuigh den scoil freisin agus iarracht a dhéanamh an teanga a spreagadh sa cheantar.
Chuaigh ceoltóirí agus lucht an choiste go teach altranais i Loch Garman mar chuid den cheiliúradh. D’éagraigh siad maidin spóirt sa bhunscoil i nDroichead an Chaisleáin.
Freisin, chruthaigh lucht an choiste “Radio” don choicís, d’eagraigh siad cluichí agus ceilí leis an gcéad bhliain, lá dearfach, lá glas agus tráth na gceist. Ghlac ceoltóirí ón scoil páirt i gceolchoirm a bhí ar siúl ar an tsráid i Loch Garman freisin.