Bhí an bua ag Megan Ní Bhroin agus Rosie Ní Fhaoileacháin (bl5) i gcomortas ealaíne mór le rá le déanaí. Bhí cead ag aon dalta ó mheánscoil faoi phátrúnacht an Fhorais páirt a ghlacadh. Ba é ‘Teangacha na hEorpa’ an téama i mbliana agus ghlac ceathrar ón rang páirt sa chomórtas.
Bhuaigh Megan agus Rosie leabhair, táibléid agus cluichí i measc duaiseanna eile. Tá na h-iontrálacha ón gceathrar mar thaispeántas sa phríomh halla ar scoil faoi láthair. Maith sibh a chailíní!