Comórtas “Mata Fheidhmeach”

Ar an tríú lá is fiche de mhí Eanáir 2020, d’fhreastail ceathrar ó Mheánscoil Gharman ar Scoil Naomh Leo i gCeatharlach. Bhí siad ansin chun páirt a glacadh i gcomórtas mata dárbh ainm “Junior Problem Solving Competition”. Bhí beirt ón idirbhliain (Stuart Ó Rosaitéar agus Tomás Ó Doinn) agus beirt ón 3ú bliain (Adam Caomhánach agus Finn Ó Concubhair) mar bhaill den fhoireann. Bhí 6 bhabhta le déanamh acu, le ceithre cheist éagsúla, ó phatrún/seicheamh, go triantánacht is ailgéabar. Ar dtús, bhí ceithre bhabhta a mhair 8 nóiméad an bhabhta, ansin bhí sos acu chun briseadh a fháil ón mata. Faoi dheireadh, bhí dhá bhabhta ag an deireadh. Is anseo a d’éirigh na ceisteanna níos deacra arís, ach bhí dhá nóiméad sa bhreis i mbabhta 5 & 6. Nuair a tháinig sé chuig an deireadh, bhí ceist réitigh don dara háit. Sa cheist réitigh seo, bhí ocht nóiméad chun ceist amháin a fhreagairt. Bheadh an bua ag an bhfoireann leis an bhfreagra ceart ar dtús. Ach, dá dtabharfá an freagra mícheart, bheadh an bua ag an bhfoireann eile láithreach. Ní raibh ar Mheánscoil Gharman páirt a ghlacadh sa cheist seo áfach, mar thángamar sa chéad áit! De bharr an bhua iontaigh seo, fuair an scoil plaic gloine mar duais, agus táimid ag bogadh ar aghaidh go dtí Craobh Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Luain. Beidh an chraobh ar siúl i mí an Mhárta. Maith sibh a bhuachaillí! 

Le hEdel