Bhí sár-lá againn i mBaile Átha Cliath ag Craobhchomórtas Scléip Gael Linn ar an gCéadaoin. Bhí bus lán idir ceoltóirí agus tacaithe. Shroich cúig ghrúpa an chraobh agus thug gach ceann dóibh taispeántas den chéad scoth ar an ardán. Comhghairdeas le “Blaisín” a bhuaigh an Slua-Amhránaíocht is fearr. Ardmholadh tuilte dóibh!