Is comórtas é Díospóireachtaí Uí Chadhain a thugann deis do dhaltaí a fhreastalaíonn ar mheánscoileanna lán-Ghaeilge páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí trí mheán na Gaeilge. Bíonn siad ag argóint faoi thopaicí bainteach leis an lá atá inniu ann. Is deis é an comórtas seo do chuid scileanna cainte agus aisteoireachta a chleachtadh. D’eirigh go han-mhaith leis na foirne díospóireachta ó Mhéanscoil Gharman i mbliana. D’eirigh leis an bhfoireann shóisir- Oisín, Annemarie agus Jennifer dul ar aghaidh go dtí an dara babhta i mBaile Átha Cliath. Sár-dhíospóireacht a bhí ann lán le firicí den scoth agus ba chinneadh deacair é do na moltóirí dhá fhoireann a roghnú chun dul ar aghaidh. Faraor, níor éirigh le foireann sóisir na scoile an craobh réigiúnach a bhaint amach. Bhain foireann shinsir na scoile, Olivia, Claddagh, Sorcha ( Emma) an chéim sin amach áfach agus thaistil siad go Droichead Átha an tseachtan seo caite chun a ndícheall a dhéanamh Craobh na hÉireann a bhaint amach. Díospóireacht shuimiúil a bhí ann freisin, le breagnú agus Gaeilge líofa inti. Cé go ndearna an fhoireann shinsir sár-iarracht níor éirigh leo dul ar aghaidh go Craobh na hÉireann. Olivia MN
