Food Fanatics

Food Fanatics agus SEAI ‘One Good Idea’.
Roghnaíodh an grúpa ‘The Food Fanatics’ mar cheann de na príomhfhoirne a bheidh ag dul go Craobh na hÉireann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 15ú lá de Mhí na Bealtaine.  Beidh ar Róisín Réid agus Chloe Fortune cur i láthair a dhéanamh do na moltóirí ar lá an chomórtais. Guímid gach rath ar na cailíní.
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Jade i mbliain 5 a chabhraigh leis na cailíní. Tá físeán na gcailíní le feiceáil ar Youtube na scoile.