Gaeilge 24 2017

Bhí an spraoi ag níos mó ná 80 dalta i Meánscoil Gharman agus iad ag glacadh páirte i nGaeilge 24 2017 an tseachtain seo caite.

D’eagraigh lucht an choiste Gaeilge na himeachtaí ar fad ar an lá. Bhí idir Céilithe, cluichí agus craic againn agus ghlac na daltaí leis an dúshlán an ghaeilge a labhairt ar feadh 24 uair a chloig, ní amháin ar scoil ach timpeall an cheatair ar fad chun an Ghaeilge a spreagadh agus a scaipeadh. Maith sibh ar fad as ucht an airgid a bhailiú agus páirt a ghlacadh!