Ghlac muintir Mheánscoil Gharman páirt i nGaeilge 24 i mbliana. Ghlac 117 dalta leis an dúshlán An Ghaeilge a labhairt ar feadh 24 uair an chloig agus a ndícheall a dhéanamh an Ghaeilge a scaipeadh timpeall an cheantair. Bhain siad ar fad an-taitneamh as ach go háirithe lucht na chéad bhliana agus iad ag tabhairt faoin dúshlán den chéad uair.