Lá Eorpach na dTeangacha i Meánscoil Gharman

Bhí go leor imeachtaí difriúla eagraithe i mbliana chun Lá Eorpach na dTeangacha a cheiliúradh i Meánscoil Gharman. Ina measc bhí comórtas Kahoot chun eolas ginearálta na ndaltaí a thástáil. Sa deireadh, d’éirigh le Liam Ó Lionáin an chéad duais a bhuachaint, le Jack Kirk sa dara háit agus Cillian Ó Briain sa tríú háit. Comhghairdeas leo go léir!