Nuachtlitir na Nollag

Tá deireadh na bliana buailte linn agus téarma fiúntach curtha dínn go léir. Gan amhras tá muintir na scoile uile ag tnúth go mór leis an sos.

Bhí go leor idir lámha ag daltaí Mheánscoil Gharman ó thús na scoilbhliana idir spórt, cheol, dhíospóireachtaí, ghradaim éagsúla, thráth na gceist, chomórtais agus turais. 

Más mian leat nuacht scoile an chéad téarma a fheiceáil tá Nuachtlitir na Nollag  le fáil anseo.

Tá súil agam go mbaineann sibh taitneamh as.

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise daoibh go léir.