Rathúil ag an gComórtas BT Eolaí Óg

Tá áthas orainn a rá i Meánscoil Gharman gur bhain beirt ón gcúigiú bliain an dara duais shinsearach amach sa rannóg Bhitheolaíochta agus Éiceolaíochta ag comórtas BT Eolaí Óg na bliana seo. Rinne Conn Caomhánach agus Con Ó Meachair staidéar ar na héifeachtaí a bhaineann le probhitheacha EM sa talmhaíocht. Is éacht é seo don scoil agus tá múinteoir Elaine agus an-fhoireann uilig an-bhródúil as ucht a ndea-obair atá curtha i gcrích acu. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le heolaithe i dTeagasc Loch Gharman go háirithe Karen Daly as ucht na treorach le linn an aistir. Maith sibh a bhuachaillí.