D’éirigh go hiontach leis an dream a bhí ar an ardán inné i gCorcaigh. Is mór an trua nach féidir le gach duine dul ar aghaidh go dtí an babhta ceannais i mBaile Átha Cliath ach táimid an-bhródúil as gach duine a bhí ar an stáitse inné. Maith sibh. Is mór an dúshlán agus an éacht é, comhghairdeas libh go léir.
D’éirigh leis “An saol deireanach”, An Cór “Blaisín”, Molli, Na Cailíní Binne agus Na Buacs.
Caithigí súil ar na “Cailíní Binne”, Jade Nora agus Cameron agus “Na Buacs” ag canadh ar an stáitse agus ar na grianghraif ar fad.