Scléip 2020

Mar is eol do chách, is scoil chumasach í Meánscoil Gharman, agus d’éirigh linn é sin a fhíorú sa chéad bhabhta de scléip 2020, D’éirigh le ceithre ghrúpa ó MSG dul tríd go dtí an chraobh náisiúnta. Ar an 29ú Eanáir, chuaigh bus línte go hiomlán de daltaí, múinteorí, agus ar ndóigh na buaiteoirí Mheánscoil go dtí an amharclann Clasaċh i mBaile Átha Cliath.

Chun tús a chur le ceolchoirm Mheánscoil Gharman bhí Na Capaill Fhiáine sa chomórtas “Slua-Amhránaíocht”. Bhí sar-jab déanta ag an gcór is iad ag canadh a n-aistriúchán de “Wild Horses”. Le meascán de chanadh cóir in éineacht le damhsa traidisiúnta bailé, is mór an trua é nár éirigh leo an comórtas a bhuachaint ach táimid fós fíor bhródúil as an iarracht uilig a rinne siad. Maith sibh!

Chuir Daniel Furlong críoch leis an gcomórtas “Amhránaíocht Aonar le Fuaimrian Taca (Sinsear)”, agus leis an gcéad leath. Chum sé a rapcheol féin, bunaithe ar ghramadach Gaeilge, agus d’éirigh leis gach duine sa seomra a chur ina seasamh. Bhí sé soiléir go raibh na moltóirí go léir thar a bheith tógtha lena chur i láthair, agus bhí an bua tuillte go mór aige.

Ina dhiaidh bronnadh na ndúaiseanna na chéad leithe agus lón, thosaigh príomhchomórtas an lae, “Popghrúpa/Racghrúpa (Sóisear/Sinsear)”. Bhí foireann ó MSG sa dhá chomórtas; Adagio sa chomórtas Sóisearach, agus Camo agus na Leaids sa chomórtas Sinsearach. Faraor, níor éirigh le hAdagio duais a bhuachaint lena n-aistriúchán Gaeilge den amhrán “Plans”, le Oh Wonder, ach bhí an comórtas an ghar agus táimid go léir fíor bhródúil as an seó dochreidte a chur siad ar an stáitse.

D’éirigh níos fearr le Camo agus na Leaids ina gcomórtas, thuill siad an chéad áit lena n-amhrán, “Killer Queen” i nGaeilge. Bhí ard mholadh le tabhairt ag na moltóirí don ghrúpa dearscnaitheach.

In éineacht leis an méid sin, fuair muintir tacaíochta Mheánscoil Gharman moladh speisialta ó Mícheál Ó Ciaraidh as ucht a gcuid tacaíochta den chéad scoth, moladh a bhí tuillte go maith acu gan dabht!

Agus ar ndóigh, príomh duais na hoíche; an duais Scléip. Ó na 11 chomórtas éagsúla, bhí ar na moltóirí buaiteoir amháin a phiocadh. Mar sin, bhí orthu grúpa amháin a phiocadh ón 48 grúpa a ghlac páirt. Dar leis na moltóirí, agus dar line anseo chomh maith, ba é Daniel Furlong ó Mheánscoil Gharman buaiteoir na duaise inmhianaithe seo. Ar ndóigh, táimid for bhródúil as gach duine sa chomórtas agus molaimid iad go h-ard na spéire. Comhghairdeas le gach duine!!!

Le Steve agus Liam