Rith Tras Tíre
Bhí comórtas an chontae ar siúl ar an 25ú Samhain. D’éirigh go maith leis an scoil ann. Chríochnaigh Robert Ronan, captaen na foirne, sa 7ú áit ina rás f17 agus chríochnaigh Anna Caomhánach sa 7ú áit freisin ina rás. Bhí rith iontach ag Eoin Ó Conchubhar agus Tadhg Ó Meachair sa rás f15 cé go bhfuil siad fós f14. Rith na buachaillí f14 go léir sa rás mícheart trí thimpiste!!! Chríochnaigh siad sa 14ú agus 16ú áit. Ba mhaith linn comhghairdeas a ghabháil le Sonia Millbourne, an t-aon cailín amháin ón gcéad bhliain a rith ar an lá agus rith sí go hiontach ann.
___________________________________________________________________________________________
Peil Ghaelach
F18
Tá na buachaillí f18 i lár a sraithe faoi láthair. D’éirigh go maith leo ina gcéad chluiche. Bhuaigh siad i gcoinne Ghairmscoil Bun Clóidí ar an scór 3-5 go 1-5. Bhí an aimsir go hainnis ar an lá agus d’imir an fhoireann go hiontach. Maith sibh. Bíonn traenáil ar siúl gach Céadaoin i ndiadh na scoile nuair a bhíonn an aimsir go maith. Cuir ceist ar Daithí nó Colm chun é a chinntiú gach seachtain.
F14
Tá na buachaillí f18 i lár a sraithe faoi láthair. D’éirigh go maith leo ina dara cluiche. Bhuaigh siad i gcoinne Ghairmscoil Bun Clóidí agus bhí a gcéad chluiche caillte acu roimhe i gcoinne Choláiste Seilscaire, Loch Garman. Beidh a dtriú cluiche ag teacht go luath.
Chomh maith le sin, bhí lá iontach ag an scoil i mblitz an chontae. Bhuamar ár gcluichí go léir agus shroicheamar an cluiche ceannais ach ní raibh an t-ádh linn ar an lá sin i gcoinne Ghairmscoil Inis Córthaidh.
Bíonn traenáil ar siúl gach Céadaoin i ndiadh na scoile nuair a bhíonn an aimsir go maith. Cuir ceist ar Dhaithí nó Colm chun é a chinntiú gach seachtain.
____________________________________________________________________________________________________________
Iománaíocht.
Bhí trí chluiche iománaíochta againn i mbliana. Ní raibh an bua againn in aon cheann dóibh ach tá ár bhfoireann fós óg agus beimid ar ais an bhliain seo chugainn.
Camógaíocht
Chuaigh na cailíní go dtí a gcéad blitz camógaíochta ar an 11ú Samhain. Bhí lá iontach acu ann. D’imir siad ceithre chluiche agus bhí an bua acu faoi dhó, chomhscór amháin agus chaill siad an ceann eile. Beidh an dara blitz ar siúl i mí Feabhra.
____________________________________________________________________________________________________________
Peil na mBan
Ní raibh ach cluiche amháin againn i bPeil na mBan i mbliana agus beimid ag díriú isteach ar chomórtas an chontae i ndiadh na cásca. Beidh an comórtas f14 ag tosú i ndiadh na Nollag freisin.
Leanann traenáil ar siúl gach Céadaoin i ndiadh na scoile nuair a bhíonn an aimsir go maith. Cuir ceist ar Daithí nó Colm chun é a chinntiú gach seachtain.
____________________________________________________________________________________________________________
Sacar
Chuaigh na buachaillí agus na cailíní go blitz Futsal le déanaí. Bhí lá iontach againn. Bhuaigh an dá fhoireann ar an lá faoi dhó. Freisin, beidh an idirbhliain ag eagrú cluichí sacair ag am lóin nuair a thagann feabhas ar an aimsir.
Ba mhaith liom buíochas a ghabhail lena múinteoirí go léir a chabhraíonn le spórt sa scoil go deonach. Is iad Colm, Eoin, Stiofán, Linda agus Clár.