The Bin Debunkers

Comhghairdeas ó chroí le “The Bin Debunkers”. Ghlac daltaí ón gcéad bhliain Clarisse, Ellie, Eve, Cáit, Ryan agus Amy páirt sa chraobh réigiúnach “One Good Idea” inné agus d’éirigh leo an bua a bhaint amach. Bhí siad uilig ar bís a gcur i láthair a dhéanamh ar an ardán maidir leis an dea-chleachtas dramhaíola ar scoil.

Is léir go raibh na moltóirí an-tógtha lena dteachtaireacht agus go raibh an bua tuillte acu.

Beidh siad ag glacadh páirte sa chraobh ag deireadh mhí Aibreáin. Go n-éirí go geal leo

Caith súil ar an suíomh The Bin Debunkers  ANSEO