Ghlac Liam Ó Lionáin, Cian Ó Concubhair, Meaghan Ní Chianáin, Eoin Ó Concubhair, Huan Er Nic Giolla Bhríde, Séamus Ó hIfearnáin, Conor De Rúit agus Óisín Ó Duibhir páirt i gCraobh Thráth na gCeist “Feachtas” ar ar Máirt 13ú Márta. Is comórtas ollmhór é seo. Glacann 180 scoil páirt gach bliain agus ní éiríonn ach le 30 dul ar aghaidh go dtí an chraobh. Ba í Meánscoil Gharman an t-aon scoil sa tír le 2 fhoireann sa chraobh. Ba mhór an éacht é sin. Faoi dheireadh, chríochnaigh foireann amháin sa 3ú háit, pointe ón mbonn airgid agus an fhoireann eile sa 9ú háit. Maith sibh gach duine.
Daithí