Turas go Béal Feirste

Nuair a shroicheamar cathair Bhéal Feirste tháinig bean darbh ainm Nollaig ar an mbus linn agus thug sí turas d’iarthar Bhéal Feirste dúinn. D’fhanamar sa bhrú idirnáisiúnta Farset. B’áit dheas í agus bhí na daoine ann an-chabhrach le haon rud a raibh ag teastáil uainn.

Ar an dara lá chuamar go dtí Tithe an Rialtais i Stormont agus chuamar ar thuras timpeall an fhoirgnimh. Ansin chuamar go dtí an Titanic agus an W5. Bhí a lán eolais ar fáil ann agus bhí sé an-suimiúil. Níos déanaí sa oíche, chuamar go dtí an phictiúrlann chun The Avengers a fheiceáil.

An lá ina dhiaidh sin chanamar Lá Breithe Sona do Matilda. Chuamar go dtí Gaol Cruimlin Road agus Páirc Tayto ar an mbealach abhaile. Ba thuras iontach é agus molaim go hard é.

le

Ciara Conway, Taragh Cooper, Matilda Ní Mhaonaigh agus Alex Nic Eochaidh.