https://ie.ambafrance.org/Des-eleves-d-Enniscorthy-en-stage-a-Nantes

Turas go dtí an Fhrainc
Chuaigh deichniúr ó bhliain 4 agus 5 go dtí an Fhrainc chun taithí oibre a dhéanamh ar feadh seachtaine. D’fhan siad le teaghlaigh, i Nantes, in iarthar na Fraince. Bhain siad lántaitneamh as an obair le páistí óga agus d’fhoghlaim siad go leor fraincise.