Tá daltaí na hIdirbhliana tar éis an-obair a dhéanamh i mbliana ar an tionscadal Young Social Innovators – ‘Don’t Fuss, Just Discuss…Sexual Health’. Shroich siad Craobh na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh inné. Maith sibh ar fad as páirt a ghlacadh agus an iarracht ar fad a rinne sibh chun an cur i láthair a chur le chéile don stáitse.
