Access This Page in English Here
Pobal na Scoile
Fáilte chuig Leathnach Phobal Mheánscoil Gharman! Táimid bródúil as pobal idirnáisiúnta cuimsitheach, tacúil a chothú.
Glacann ár ndaltaí rólanna ceannaireachta orthu féin chun fáilte a chur roimh dhaltaí na chéad bliana agus chun cabhrú leo, ag cruthú cairdeas trí imeachtaí spraíúla. Déanann rang na Nuálaithe Sóisialta Óga (NSÓ) daltaí a chumasú le dul i ngleic le saincheisteanna tábhachtacha agus gradaim a bhuachaint le fóntas a gcuid saothar agus bíonn daltaí na hIdirbhliana ag obair go deonach sa teach altranais áitiúil, ag déanamh difríocht dhearfach sa phobal.
Trí thionscnaimh Naomh Uinseann de Pól (SVP), déanann daltaí athruithe dearfacha laistigh dár scoil agus sa cheantair máguaird.
Ar an gcaoi chéanna, cuireann díospóireachtaí Ghael Linn ardán ar fáil do dhaltaí barr feabhais a aimsiú ina gcuid Gaeilge agus scileanna smaointeoireachta criticiúla a fhorbairt.
Trínár ‘Shoe Box Appeal’ glacaimid páirt sa phobal domhanda, ag tacú le daoine i ngátar ar fud na cruinne.
Déanann taithí oibre i Nantes na Fraince deis ar leithligh a thabhairt dár ndaltaí iad féin a thumadh i dteanga agus cultúr na Fraince.
Glacann ár ndaltaí páirt i gcomórtas mór le rá an Eolaí Óig, inar féidir leo a mbuanna eolaíochta a léiriú.
Go bunúsach, is pobal gníomhach í Meánscoil Gharman mar sin, ina bhfoghlaimíonn agus ina bhfásann na daltaí agus ina ndéanann siad buanchairdis.
Taraigí linn agus an ilchineálacht, an chairdeas agus an cumasú laistigh dár scoil agus níos faide ó bhaile á gceiliúradh againn.
!
Access This Page in English Here
An Spáinn
Spain
Ar an 9ú lá Márta chuaigh daltaí na ranganna Spáinnise go dtí Teruel, na Spáinne ar malartú scoile. Chaith siad an chéad oíche i Madrid, áit ar bhlás siad cultúr agus bia na Spáinne. Ar aghaidh leo an chéad maidin eile go Teruel agus iad ar bís buaileadh lena gcairde Spáinneacha arís. D’fhan siad i dtithe na ndaltaí Spáinneacha ar feadh ceithre oíche agus chuir siad an aithne ar na clainne.
Tréimhse an-ghnóthach a bhí acu lán le gníomhaíochtaí spraíúla agus turais suimiúla ar nós turas go Valencia agus Albarracín, féasta áitiúla agus siúlóidí sna cnoic. Fuair daltaí na scoile deiseanna iontacha a gcuid Spáinnise a fhorbairt is a fheabhsú. Bhí brón ar na daltaí a gcuid cairde Spáinneacha a fhágáil, ach molann siad go léir an deis a thapú dul ar mhalartú Spáinné mar gur thaithí iontach a bhí ann dóibh ar fad agus tháinig siad abhaile flúirseach sa Spáinnis.
¡Regresaremos pronto!
An Fhrainc
France
Eagraímid taithí oibre i Nantes na Fraince gach bliain. Go bunúsach, bíonn deis ag daltaí na hidirbhliana fanacht le teaghlach Francach ar feadh seachtaine (nó coicís más féidir). Agus iad sa Fhrainc oibríonn na daltaí le páistí in ionaid saoire do pháistí. Feidhmíonn siad mar cheannairí agus cabhraíonn siad leis na hoibreoirí gníomhaíochtaí a
eagrú do na páistí: spórt, ealaín, agus ceol. Chomh maith leis sin, sa tráthnóna, caitheann na daltaí am leis an teaghlach ag foghlaim faoi nósanna na bhFrancach ag cur deis iontach ar fáil an teanga a úsáid i gcomhthéacs nádúrtha agus nasc a chruthú léi feasta.
Bordeaux 2024
Obair Charthanachta
An Rómáin
Romania
Comhphobal i mBúcairist.
Mar chuid de chlár na hIdirbhliana tugadh cuireadh do dhaltaí airgead a bhailiú d’ionad lae na bpáistí sráide i mBúcairist, na Romáine.
An Tansáin, Aifric.
Is sráidbhaile beag cósta é Kisiju atá 100km ó dheas ó phríomhchathair na Tansáine Dar Es Salaam. Is talamh tor é den chuid is mó le fadhbanna arda salandachta ithreach, rud a fhágann go bhfuil sé deacair barra a fhás. Tá an saol i Kisiju dian ar daoine atá ina gcónaí i botháin láibe gan leictreachas ná uisce reatha.
I mí Mheán Fómhair 2025, rachaidh 12 dalta idirbhliana ó Mheánscoil Gharman chuig an Misean. Mar gheall ar nádúr an turais, beidh ar mhic léinn airgead a bhailiú chun iad féin a chur ann agus a thabhairt d’fhorbairt Mhisean Kisiju. Beidh airgead ag teastáil le haghaidh eitiltí, vacsaíní, bia/lóistín agus airgead tiomsaithe airgid freisin. Beidh ar gach mac léinn €3000 ar a laghad a bhailiú sna míonna amach romhainn chun na costais seo a chlúdach. Rachaidh an t-airgead a bhaileoidh Meánscoil Gharman i dtreo chostais reatha na bunscoile chomh maith le tograí eile chun pobal Kisiju a fhorbairt tuilleadh. “Is é an sprioc fhadtéarmach atá againn ná pobal Kisiju a chumhachtú le bheith féin-leordhóthanach. Tá sé mar aidhm ár dtionscadal an sprioc sin a bhaint amach.” Agus iad i Kisiju, beidh na daltaí ag obair le páistí sa bhunscoil agus sa naíonán chomh maith le cuairt a thabhairt ar na háiseanna atá tógtha le roinnt blianta anuas tríd an airgead a bhailítear. Feicfidh na daltaí cá rachaidh a gcuid airgid agus cé a bheidh ag cabhrú. Má tá ceisteanna agat, déan teagmháil linn ag tanzania@meanscoilgharman.com Go raibh maith agaibh as bhur gcuid tacaíochta!

An Chéad Cheoldhrama riamh i Meánscoil Gharman!
Annie
Chuir muid an ceoldrama ‘Annie’ ón Broadway ar stáitse ag an Athenaeum le déanaí. Chuir ár mic léinn taibhealaíona an scéal croíúil seo i láthair faoi stiúradh Clare Kavanagh, ceann ár roinne cheoil, le foireann léiriúcháin den scoth agus lucht féachana díograiseach. Táimid ag súil go mór lenár gcéad léiriú eile faoi láthair agus roinnfimid na sonraí go luath!
Read Enniscorthy Guardian Review
An Eolaí Óg
Gach bliain i Meánscoil Gharman, éiríonn le cúpla grúpa fáil tríd chuig an Eolaí Óg, i mBaile Átha Cliath. Tá an t-ádh dearg orainn sa scoil go bhfuil múinteoirí eolaíochta iontacha againn a thugann tacaíocht agus cabhair dá gcuid daltaí.
I mbliana (2023), d’éirigh le dhá fhoireann fáil tríd, ‘An Fheirm Uirbeach Aon Am, Aon Áit’ agus ‘Imscrúdú ar Éifeacht Buillí Déchluasacha ar an gCodladh’.
D’éirigh le Clarisse Ní Chonchubhair, Pádraig Cox agus Sadhbh Bonnington an duais don tionscadal is fearr a cuireadh i láthair trí mheán na Gaeilge a bhaint. Bhí a dtionscadal ag féachaint ar conas is féidir le daoine Buillí Déchluasacha a úsáid chun a gcuid codlata a fheabhsú.
Creidimid gur deis iontach í an Eolaí Óg, agus go bhfuil an t-ádh linn an deis a bheith againn páirt a ghlacadh ann.
Teach Lawson
Lawson House
Déanann daltaí na hIdirbhliana obair dheonach i dteach altranais Lawson House gach Déardaoin. Bíonn siad ag imirt cluichí boird leis na cónaitheoirí, agus garraíodóireacht agus ag cruthú múrphictiur taobh amuigh. Dáiríre, is eispéireas iontach é seo do na cónaitheoirí agus na daltaí araon, toisc go mbíonn siad ag déanamh difríochta ina bpobal féin, agus ag cabhrú le daoine thart timpeall orthu.
Meitheal
Gach bliain, bíonn ceathrar nó cúigear roghnaithe ón gcúigiú bliain le bheith ina gceannairí ar an meitheal. Cabhraíonn ceannairí na meithle le daltái na chéad bliana sa scoilbhliain nua. Sa champa, déanann siad go leor imeachtaí spraíúla ar nós cluichí nó spóirt foirne ionas go mbeidh lucht na céad bliana in ann meascadh lena chéile agus cairde nua a dhéanamh. Nuair a thosaíonn an scoilbhliain nua, casann ceannairí na meithle leo gach seachtain, le fáil amach conas atá ag éirí leo sa mhéanscoil agus bíonn cluichí agus imeachtaí spraíúla á gcur in eagar do na ranganna sin. Chomh maith leis sin, téann ceannairí na meithle ar thuras leis an gcéad bhliain agus i mbliana chuamar chuig Jumpzone agus Páirc an Chrócaigh agus bhí lá den chéad scoth acu. Go deimhin, is post ríthábhachtach atá ag ceannairí na meithle agus is onóir í a bheith roghnaithe mar bhall den choiste.
GaelLinn
Is comórtas náisiúnta iad díospóireachtaí Ghael Linn a mbíonn an deis ag daltaí Mheánscoil Gharman bheith páirteach iontu mar fhoireann trí mheán na Gaeilge. I mbliana, d’éirigh leis an bhfoireann díospóireachta fáil tríd chuig an gcraobh den chéad uair riamh i stair na scoile. Ar an bhfoireann bhí Clarisse Ní Chonchubhair (Bl4), Éire Ní Fhaoláin (Bl5) agus Gráinne Nic Ailín (Bl6), agus thug a múinteoir Elaíne Nic Réamoinn tacaíocht dóibh. Is deis í an díospóireacht le scileanna cumarsáide agus smaointeoireachta criticiúla cruthaithí a fhorbairt.
YSI
Is deis iontach í an rang YSI atá á chur ar fáil don idirbhliain go bliantúil. Rang atá ann a bhíonn na daltaí fein á stiúradh agus ina roghnaíonn siad fadhb éigin a bhíonn á gcrá. Ansin, cuireann siad plean le chéile mar rang chun an fhadbh a réiteach.
San am atá caite bhí an an-rath ar na ranganna sna craobhanna gach bliain, leis an rang ag buachaint an ‘Best Social Media Award’ i mbliana leis an obair chrua a bhí curtha isteach acu ar na meáin shóisialta ag scaipeadh an scéil faoin bhfíréantacht. Is deis iontach an rang seo, a dhéanann an fhreagracht, obair foirne, scileanna cumarsáide agus féinmhuinín a chur chun cinn.
SVP
San idirbhliain, déanann na daltaí ‘module’ le carthanacht Naomh Uinseann de Pól, agus ina dhiaidh sin, bíonn an deis acu Coiste ‘SVP Óg’ a cruthú. Bhí grúpa beag seisir ó lucht na hidirbhliana ann i mbliana (2023). Ba é a misean ná feabhas a chur ar an Scoil agus ar an áit timpeall orthu.
Chruthaigh siad cártaí do na múinteoirí, reachtail siad díolacháin ar son na carthanachta, agus d’eagraigh siad bailiúcháin bruscair sa chéad bhliain chun feabhas a chur ar na háiteanna timpeall na scoile. Bhí an-spraoi acu, agus molann siad go mór do gach duine a bheith páirteach ann. Bhí an-deis acu difríocht mhór a dhéanamh ag an scoil agus ina dtimpeall.
Bailiúcháin Boscaí
Eagraíonn lucht na hidirbhliana achainí bosca bróg ar scoil gach bliain chun tacú leis an Achainí Náisiúnta Bosca Bróg. I mbliana d’éirigh linn boscaí a bhailiú ar son eagraíochtaí ar fud an Domhain i dtíortha an triú Domhain. Séard at san Achainí Bosca Bróg na seans cabhrú le páistí ar fud an Domhain agus tarraingt le chéile mar phobal chun cabhrú leo.
Seiceáil amach
Tionscnamh le Creative Schools
Tionscnamh suaitheantaden chlár Éire Ildánach is ea Scoileanna Ildánacha atá dírithe ar acmhainn cruthaitheachta gach páiste a chumasú. Tá Scoileanna Ildánacha faoi threoir na Comhairle Ealaíon i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tarraingíonn Scoileanna Ildánacha, Arts Rich Schools/Arís mar a bhí, ar na tiomantais a leagadh amach sa Chairt um na hEalaíona san Oideachas.
Tá muide agus an cúrsa toilteanach meán ar bith a úsáid le haghaidh saothair ealaíne. Ó thaobh na staire de, leanfaimíd na teoracha ón Roinn, i ranganna gníomhacha. Bíonn turas ag bliain a 5 & ag bliain a 6. Is iad Sí an Bhrú, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Gailearaí Chathair BAC, IMMA, agus Ard Mhusaem na héireann na háiteanna ar chuir muid cuairt orthu go dtí seo.
Eolas
Previous
Next
Seiceáil amach
Junk Kouture
Bíonn ár gcuid daltaí páirteach go gníomhach i dtionscnaimh athrú aeráide ar nós an chláir idirnáisiúnta Junk Kouture. Ag obair le réimse ábhar agus ag smaoineamh ar an inbhuanaitheacht agus an ngeilleagar ciorclach ag an am céanna.