Bhí comórtas an chontae ar siúl ar an 25ú de mhí na Samhna. D’éirigh go maith le foireann na scoile ann. Chríochnaigh Robert Ronan, captaen na foirne, sa 7ú háit sa rás f17 agus chríochnaigh Anna Caomhánach sa 7ú háit sa rás chomh maith. D’eirigh go han-mhaith le hEoin Ó Conchubhar agus Tadhg Ó Meachair sa rás f15 cé go bhfuil siad fós f14. Rith na buachaillí f14 go léir sa rás mícheart trí thimpiste!!! Chríochnaigh siad sa 14ú agus 16ú háit. Ba mhaith linn comhghairdeas a dhéanamh le Sonia Millbourne, an t-aon cailín ón gcéad bhliain a rith i rás ar an lá. Reathaí iontach is ea í agus tá súil againn go mbeidh an bua aici i rás am éigin amach anseo[pb_builder]