Tháinig TG4 chuig an scoil ar an Luan 27ú Aibreán. Thaifead siad Voxpop don chlár “Logainm” a bheidh ar TG4 tar éis an tSamhraidh. Ghlac múinteoirí Gillian agus Ciarán páirt sa chlár chomh maith le roinnt daltaí ón gcúigiú bliain agus beirt ón idirbhliain. Is iad na daltaí a ghlac páirt ná Bill, Katie, Kiara, Jo, Seosamh, Martha, Emma agus Fionn. Bhí na Daltaí den scoth os comhair an cheamaire agus dúirt an criú ó TG4 go mbeidh siad lán-sásta obair a dhéanamh leo arís. Beidh réaltaí inár measc go fóill!